Dál Riada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dál Riata)
Jump to navigation Jump to search

Ríocht de chuid na nGael ba ea Dál Riata, a bhí suite in aice na farraige in iarthar Gharbhchríocha na hAlban agus i gcuid de Chúige Uladh.[1]

Dál Riata

Ag barr a réime sa 6ú agus 7ú haoiseanna, it encompassed críocha móra aige i gceantair mar atá inniu i nEarra-Ghaidheal agus Bód i nAlbain, chuid de Dheisceart Thír na gCruithneach, agus cuid de Chontae Aontroma i dTuaisceart Éireann.[2] Tar éis tréimhse leata, d'éirigh sé páirteach became i ndeireadh na dála le ríocht Gaelach na hAlban.[1][3]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fréamhaithe is ea Dál, cine nó críocha, ón bPrótai-Cheiltis *dālom.[4] I measc focal gaolmhar an lae inniu, tá dole agus deal an Bhéarla, Teil na Gearmáinise, taille na Fraincise agus taglia na hIodáilise. Creidtear gur ainm pearsanta is ea Riada.[5]

Ainmníodh an tsraith gheolaíoch Dálriadach as an Dál Riada ag Archibald Geikie sa bhliain 1891, toisc go bhfuil achar beagnach mar an gcéanna aici mar a raibh ag an iar-ríocht.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear gur bhunaigh an rí seanscéalach, Fearghas Mór, an Dál Riada sa 5ú haois. Bhain an ríocht barr a réime amach faoi Áedán mac Gabráin (réim 574 - 608). Agus é i gcoróin, rinne an Dál Riada eachtraí mara go dtí na hInse Orc agus Oileán Mhanann, agus ionsaí ar ríochta Srath Chluaidh agus Bernicia. Chuir rí Æthelfrith na Berniciae cosc ar a leathnú ámh, ag Cath Degsastan sa bhliain 603.

Cuireadh deireadh le ré órga an Dáil Riada tar éis clistí troma i nÉirinn agus i nAlbain i rith réimse Domhnaill Bhric (bás 642). Bhí an dál ina thuath de chuid Northumbria ar feadh tamaill. Sna 730í, bhí Óengus I, rí na gCruithneach, i gceannas i mbun feachtas in aghaidh an dáil, agus chuir sé faoina smacht é faoin mbliain 741.

Níltear ar aon ghuth maidir le cinniúint na ríochta ón 8ú haois ar aghaidh. Mar shampla, níltear ar an aon tuairim ar tháinig borradh faoi chumhacht an Dáil Riada tar éis tréimhse faoi cheannas iasachta (c. 637 go c. 750–760), agus Aodh Fionn i gcoróin (736–778). Deirtear roinnt fiú gur ghabh an Dál Riada ríocht Foirtreann.

Ón bhliain 795 ar aghaidh, bhí ionsaithe Lochlannacha thall is abhus i nDál Riada. San aois dár gcionn, b'fhéidir é gur tógadh le chéile corónacha an Dáil Riada agus na gCruithneach. De réir foinsí áirithe, bhí Cináed mac Ailpín ina rí an Dáil Riada sular éirigh sé ina rí na gCruithneach sa bhliain 843, i ndiaidh gur bhuail Lochlannaigh go dona iad.[6] Tháinig neamhspleáchas na ríochta chun deiridh nuair a chumaisc an dá ríocht chun Ríocht na hAlban a bhunú.

Dùn Ad ab ea príomhchathair an Dáil Riada, meastar. I measc dúnta ríoga eile, tá Dùn Ollaigh, Dùn Abhartaigh agus Dún Sobhairce.

Ríocht mór farraige ab ea an Dál Riada, agus bhí cabhlach mór aige.

Cineáil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear i Seanchas Fear Alban trí phríomhchineál an Dáil Riada suite i nEarra Gael. Cuireadh ceathrú ceann níos dearanaí:[7]

Ní fhaightear sa Seanchas cineál ar bith as Éirinn.

Críostaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní chaomhnaítear taifid scríofa faoin Dál Riada roimh theacht na Críostaíochta, nuair a thosaigh croiniceoirí ar Í Cholm Cille agus i mainistreacha Gaelacha eile ag obair. Cuireann Beatha Naoimh Choilm Cille le Adomnán in iúl gur Chríostaí ab ea an Dál Riada,[9] ach ní fios go cruinn an fíor é seo.

Bhí mainistir Í féin lastigh de chríocha an Dáil. Ionad foghlama ríthábhachtach a bhí ann, ó thaobh leathadh Críostaíochta Ceiltí de ar fud tuaisceart na Breataine, agus fosta forbairt ealaín na n-oileán agus lámhscríbhinní dathmhaisithe..

Cé gur leis an gCineál Conaill den Uí Néill an Tuaisceart é an Mhainistir Í, agus ní leis an Dál Riada féin, bhíodh dlúthghaol aici leis an gCineál Gabhráin, rud a thugann le fios nach neamhchlaonta iad na hanála.[10][11]

Dá mba rud é gur lárionad creidimh é Í Choilm Cille, níorbh uathúil é. Bhí Lios Mór, suite i gcríocha Chineál Loairn, tábhachtach go léir sin go bhfaightear go minic básanna a abaí sna hannála. I meán mainistreacha eile aitheanta óna hannála, tá Obar Crosain agus Ceann Garadh.[12] I nÉirinn, ba é Oirthear Maí an príomhionad eaglasta, gaolta le Naomh Pádraig agus Naomh Olcán.[13]

Ealaín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha é gur tosaíodh ar a laghad an lámhscríbhinn dathmhaisaithe mór le rá, an Leabhar Cheanannais, ar Oileáin Í, ach ní le Colm Cille mar a insítear sa seanscéal, toisc go dtéann sí siar ach go dtí c. 800. De réir seanchas eile, cruthaíodh an lámhscríbhinn le haghaidh chomóradh 200 bliain bhás an naoimh sa bhliain 597. Cé acu ar scríobhadh nó nár scríobhadh ann í, is léir gurbh ionad tábhachtach é Oileán Í i bhforbairt Ealaín na nOileán, lena hábhair Mheánmhuirí, Angla-Sachsanacha, Cheilteacha agus Cruithneacha, stíl dá bhfuil Leabhar Cheanannais ina shampla déanach.

Naomh Maitiú, fóilió 28v sa Leabhar Cheanannais

Maidir le healaín eile, caomhnaítear roinnt dealbh a chuireann an Dál Riada i gcuimhne dúinn. Is é Cros Naoimh Mháirtín ar Oileán Í an ardchros is fearr atá againn, spreagtha is dócha ag crosa saorsheasaimh Northumbria, amhail is an Ruthwell Cross, cé go bhfaightear a leithéid de chros i nÉirinn (Áth Eine, Contae Thiobraid Árann). Is mar a choir í Cros Chill Daltain ar Ìle.

9th-century Naoimh Mháirtín den 9ú haois ar Í Cholm Cille.

Tá leac dhealbhaithe le fáil i slab nArdchathan ina fheictear tionchar na gCruithneach, siúd is go moltar go bhfuil tionchar na nGael le feiceáil ar an Dupplin Cross.

Creidtear gur cruthaíodh i nDùn Ad mínmhiotalóireacht Ghael-Sacsanach amhail is penannular brooches.[14]

Ríthe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Oxford Companion to Scottish History p. 161 162, edited by Michael Lynch, Oxford University Press. ISBN 978-0-19-923482-0. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "OxfordCompanion1" defined multiple times with different content
  2. Clancy, Thomas Owen, "Philosopher King: Nechtan mac Der Ilei," SHR 83 (2004), ll. 135–149
  3. Laing, Lloyd Robert (2006). "The Archaeology of Celtic Britain and Ireland c. AD 400–1200". Cambridge University Press. “The inhabitants of what is now Co. Antrim, Ireland, were known as the Scots, a name they transported to what is now Argyll and the adjacent islands where they established the kingdom of Dál Riata.” 
  4. *dālom ar en.wikt
  5. Bede, HE, Book I, Chapter 1.
  6. Pléann Smyth agus Bannerman an smaoineamh seo i Scottish Takeover, ag moladh gur shinsir ríthe na gCruithneach ó Ciniod mac Uuredech ar aghaidh iad Fergus mac Echdach agus Fearadach mac Sealbhaigh mhic Fhearchair. Tá scéal eile inste i Pictish Kings le Broun, tacaithe mar shampla ag Clancy, "Iona in the kingdom of the Picts: a note", agus Woolf, Pictland to Alba, ll. 57–67.
  7. Bannerman, Studies, ll. 47–49; foilsithe roimh ré in Celtica, iml. 7 (1966) – 9 (1971).
  8. Clancy, Thomas Owen, "Philosopher King: Nechtan mac Der Ilei," SHR 83 (2004), ll. 135–149
  9. Markus, "Iona"; Markus, "Conversion".
  10. Féach, mar shampla, Broun, "Dál Riata",
  11. Le haghaidh fianaise thionchar Í ar logainmneacha, féach Taylor, "Iona abbots".
  12. Clancy, "Church institutions".
  13. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 58–60.
  14. Laing & Laing, The Picts and the Scots, ll. 136–137, deals with Dál Riatan arts at greater length; see also Ritchie, "Culture: Picto-Celtic".