Fearghas Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gan bheith measctha leis an Rí seanscéalach, Fergus (fl. 330 BC), féach Fergus I (seanscéalach).

Rí seanscéalach an Dáil Riada ab ea Fearghas Mór mac Eirc (Sean-Ghaeilge Fergus Mór mac Eirc). Erc Dhál Riada ab ea a athair.

Cé gur féidir a chuid staire a phlé, níl aon amhras ann faoina thábhacht i leith mhiotas bunaithe na hAlban. Maíonn rialóirí na hAlban ó Cináed mac Ailpín go dtí an lá atá inniu ann gur de shliocht Fhearghais Mhóir iad.

Luath-fhoinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faightear sa taifead stairiúil, dá laghad é, ach iontráil amháin i nAnnála Tiarnaigh, don bhliain 501, a deir:

Fergus Mor mac Earca cum gente Dal Riada partem Britaniae tenuit, et ibi mortuus est. (Ghlac Fearghas Mór mac Eirc, le muintir Dháil Riata, cuid den Bhreatain, agus fuair sé bás ann.)

Is ainmneacha níos dearanaí iad ámh, idir Fergus, Erc agus Dál Riata, scríofa síos tamall fada tar éis na 6ú haoise. Cé go molann na hannála go ndearna na Gael ó Éirinn ionsaí ar Albain (Earra-Ghàidheal), ní mheastar inniu gur fíor iad.[1]

Faightear ginealach Fearghasa i liostaí ríthe Dáil Riata agus na hAlban, mar shampla i Seanchas Fear Alban agus sa Duan Albanach. Deir an Seanchas gur glaodh Mac Nisse Mór ar Fhearghas. Téann na foinsí seo siar is dócha go dtí na 10ú agus 11ú haoiseanna faoi seach, tuairim is 20 nó 30 glúin i ndiadh saol Fearghasa mar a bheadh.

Sa Seanchas agus sa Duan, deirtear gurbh é Etc mac Eochach Muinremuir athair Fhearghasa. Tugtar i liosta Meán-Ghaeilge ríthe na hAlban[2] ginealach fada Fearghasa :

[Fergus] m. h-Eircc m. Echdach Muinremuir m. Óengusa Fir m. Feideilmid m. Óengusa m. Feideilmid m. Cormaicc, agus sé ghlúin is daichead sa bhreis.[3]

Cé go tugann na hannála úd fianaise a thacaíonn le tábhacht Fhearghasa sa mheánaois, ní hionann sin agus fianaise dá shaol stairiúil. Le fírinne, níl ach trácht ar rí amháin na hAlban ón 6ú haois as lua na linne, Ceretic of Alt Clut, agus breathnaíonn sin fiú ar ghluais níos dearanaí sa Litir chuig Coroticus le Naomh Pádraig. I measc na chéad ríthe Dáil Riada a bhfuiltear sáchchinnte gur stairiúil iad, tá garmhic Fhearghasa, Gabhrán agus Comhghall, mhic Dhomhanghairt, nó b'fhéidir a fhionnó, Aodhán mac Gabhráin.

Creideann roinnt daoine gur mhaígh Fearghas gur de shliocht Rí Artúir King é, ach molann an staraí John Morris ina ionad sin gur tugadh cead d'Fhearghas lonnú in Albain, mar cónaidhmeach Artúir, ina sciath chosanta in aghaidh na gCruithneach.


Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Broun, Dauvit, "Dál Riata" in Michael Lynch (ed.), The Oxford Companion to Scottish History. Oxford UP, Oxford, 2001. ISBN 0-19-211696-7
  • Campbell, Ewan, "Were the Scots Irish?" in Antiquity, 75 (2001), ll. 285–292.
  • Foster, Sally M., Picts, Gaels, and Scots: Early Historic Scotland. Birlinn, Dún Éadain, 2014. ISBN 978-1-78027-191-0

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "[S]tories of Dalriadic origins cannot be held to be worthy of acceptance as history", Sally Foster, Picts, Gaels and Scots, lch. 4, ag lua David Dumville. Féach freisin "Were the Scots Irish?" le hEwan Campbell.
  2. lua de dhíth
  3. Roinntear an leathchuid de gineadach Fearghasa le Seanán mac Gerrgenn, mar a insítear sa scéal Betha Shenáin meic Geirginn i Leabhar Leasa Mhóir; cf Rawlinson B 502 ¶1696 Genelach Ríg n-Alban agus Betha Shenáin, ag líne 1792 ff.


Roimh
Loarn mac Eirc
Ríthe Dáil Riada
anaithnid
Tar Éis
Domangart mac Ferguso