Duan Albanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Dán Meán-Ghaeilge is ea an Duan Albanach, scríofa agus Mael Coluim III i gcoróin. Leanann sé ar an Duan Eireannach, a insíonn stair níos luaite na nGael.

Uirlis nasctha le cultúr meánaoise na nGael, idir Éire agus Alba, is ea an chláirseach. Caomhnaítear an ceann seo i Músaem na hAlban.

Faightear an dán mar chuid den Lebor Bretnach, leagan Gaeilge den Historia Brittonum le Nennius, le tuilleadh ábhair go bhformhór i dtaobh na hAlban. Caomhnaítear é i bhfoinsí Gaelacha éagsúla, ach is as Leabhar Mór Leacáin agus Leabhar Uí Mhaine an leagan is coiteanta.

Is dán molta le 27 rann, a chantaí sa chúirt le tionlacan cláirsigh. Agus é á chasadh os comhair an phobail, a is dócha é go nglacfadh an lucht féachana páirt sa léiriú.

Insíonn an Duan rithe na hAlban of the Scots ó theacht an sinsear eapainmneach, Albanus. Tosaíonn agus críochnaíonn an dán leis na rannta a leanas. Sna ranna deiridh, is léir go dtéann an dán siar go dtí aimsir Mhaoil Choilm III, sa dara leath na 11ú haoise.

Meán-Ghaeilge NuaGhaeilge
A eolcha Alban uile, A eolaithe Alban uile,
a shluagh feuta[1] foltbhuidhe A shlua chróga fholtbhuí
cia ceud ghabhail, an eól duíbh, Cé céad ghabháil, an eol daoibh
ro ghabhasdair Albanruigh ? a ghabh Alban-ríocht ?
Albanus ro ghabh, lia a shlógh, Albanus do ghabh, is lia a shluaite
mac sen oirdérc Isicon, Mac illustrious son of Isacon,
brathair is Briutus gan brath, Bráthair is Brutus gan brath,
ó ráitear Alba eathrach. Óna ghlaoitear Alba eathar[2]
Se bliadhna Donnchaid glain gaoith Sé bliana Donnchaidh ghlanghaoise wise,
xuii bliadhna mac Fionnlaoich, Seacht mbliana déag mac Fionnlaoich;
tar és Mec Beathaidh go m-blaidh, Tar éis Mhic Bheatha bhladha,[3]
uii mís i f-flaithios Lughlaigh. Seacht mí i bhflaitheas Lughlaigh
Maolcholuim anosa as rí, Maol Coilm anois an rí,
mac Donnchaidh dhata dhrechbhi, Mac Donnchaidh dhaite, dhreachbheo
a ré nocha n-[4]fidir neach, A ré i féidir neach
acht an t-eólach as éolach. A eolcha... Ach eolaí na n-eolaithe. A eolaithe...

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [1], cróga, ar eDIL
  2. eathar, bád, long, caladh, ar teanglann FGB
  3. bladh, clú, cáil, iomrá, ar teanglann.ie FGB
  4. nocha n-, ní, cha(n), ar eDIL