Æthelfrith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Na príomh-Ríochtaí Angla-Shacsanach sa 7ú haois.

Rí Bhernicia ab ea Æthelfrith (circa 593-616 A.D.). Timpeall na bliana 604 A.D., ba é an chéad Rí Berniceach é a bhí i gceannais freisin ar  Ríocht Deira, a thug gur duine tábhachtach é i bhforbairt na ríochta Northumbria, níos déanaí ar aghaidh. Bhí sé iomráiteach le haghaidh a rath i gcoinne na mBreathnach agus a bhua ar Ghaeil Dhálriadacha. Cé gur briseadh air agus gur maraíodh é i gcath agus gur cuireadh a chéile comhraic i gcomharbacht air, athbhunaíodh a ghinealach i gcumhacht, ar deireadh thiar sna 630dí.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Æthelfrith, mac Æthelric agus ua Ida i gcoróin, de réir dealraimh, i ndiaidh Hussa mar Rí na mBerniceach, timpeall na bliana 592 nó 593 A.D.; d' fhéadfadh go raibh iomaíocht agus díbirt ghaolta Hussa i gceist lena theacht i réim.[1] 

Nótaí agus tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Michelle Ziegler, "The Politics of Exile in Early Northumbria", The Heroic Age, Issue 2, Autumn/Winter 1999.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]