Naomh Adhamhnán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Adomnán)
Jump to navigation Jump to search
Naomh Adhamhnán
Raphoe Cathedral Church of St. Eunan Choir Window W02 Saint Eunan II 2016 09 02.jpg
ab

Saol
Eolas breithe Contae Dhún na nGall, 624
Náisiúntacht Poblacht na hÉireann
Bás Í Chaluim Chille, 704 (Gregorian)
Muintir
Teaghlach
Oideachas
Teangacha An Laidin
An Ghaeilge
Gairm
Gairm saineolaí dlí, hagiographer (en) Aistrigh, file, manach, ab agus scríbhneoir
Féile
23 Meán Fómhair
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Ord Beinidictigh
Abtheach an Í Cholm Cille

Ab mhainistir Í Cholm Cille, i réim 679 – 704, ba ea Adhamhnán[1] (Sean-Ghaeilge Adomnán), naomhsheanchaí, státaire, dlí-eolaí canónta agus naomh. Údar na beathaisnéise is tábhachtaí ba ea é ar a chol ceathrar, Colm Cille, agus b'é a chuir Cáin Adhamhnáin, nó Lex Innocentium, chun cinn.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Adhamhnán i gContae Dhún na nGall, timpeall na bliana 624, nó roimh 629.

Rinneadh manach de i mainistir Í Cholm Cille.[2] Ceapadh ina ab ansiúd é sa bhliain 679, agus d'fhan sé ann go dtí lá a bháis i 704. Ba fhear fónta eagnaí é a bhí an-fhoghlamtha sa Scrioptúr Naofa. Bhí Adhamhnán ar feadh tamaill ina cheann ar na mainistreacha uilig a bhain le paruchia Cholm Cille. Lena chois sin, d’fhág sé ina dhiaidh scríbhinní tábhachtacha agus ina measc an saothar clúiteach Beatha Cholm Cille (Vita Columbae) – an cuntas iomlán is luaithe dá bhfuil fós againn ar shaol an naoimh[3].

Bhí Adhamhnán ina shaineolaí ar dhlí canónta (Cáin Adomnáin nó Lex Innocentium).

Fuair Adhamhnán bás in Í Cholm Cille.

Béaloideas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céad bliain tar éis bháis Cholm Cille i 597, ‘sea chuir Adhamhnán scéal Ollphéist Loch Nis ar pár ina ‘Vita Columb’ den chéad uair[4].

De réir traidisiúin, ba mhian le hAdhamhnán a theampall a thógáil dhá mhíle ar shiúl ag Lios na Scréachóg[5]. Ach gach uair a tógadh na ballaí, thit siad. Ghuigh Adhamhnán faoin deacracht seo ach thit a chodladh air agus é i mbun urnaí. Mhúscail sé agus chonaic sé iolar ag eitilt ar shiúl lena leabhar urnaí. Lig an t-iolar don leabhar titim ar an suíomh seo agus, dá bhrí sin, ba anseo i nGleann an Iolair a thóg Adhamhnán a theampall.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mbliain 1621 rinne Stephen White cóip in Dillingen de bheatha Cholm Cille le Naomh Adhamhnán. Bhí sin ar an lámhscríbhinn ba thábhachtaí le William Reeves agus é ag scríobh The life of St Columba, Founder of Hy[6].

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Smyth, Alfred P. (1984). "Warlords and Holy Men: Scotland AD 80–1000". Dún Éadain: Edinburgh University Press. 
  • Adomnán, Vita Columbae:
    • Anderson, A.O. agus M.O. Anderson (eag. agus aistr.). Adomnán's Life of Columba. 2a heagrán: Oxford, 1991. 1d eagrán: Dún Éadain, 1961.
    • Sharpe, Richard (austr.). Adomnán of Iona: Life of St. Columba. Londain, 1995, ll. 43-65
    • Reeves, William agus James Henthorn Todd (eag.). Vita Sancta Columbae: The life of St Columba founder of Hy, written by Adamnan, ninth Abbot of Iona. Baile Átha Cliath: Dublin University Press ar son Irish Archaeological and Celtic Association, 1857. Le fáil ar CELT
  • Cáin AdamnáinLex Innocentium
    • Márkus, Gilbert (aistr.), Adomnán's Law of the Innocents - Cáin Adomnáin: A seventh-century law for the protection of non-combatants. Kilmartin, Argyll: Kilmartin House Museum, 2008. ISBN 978-0-9533674-3-6
      1860ː ní raibh sa mhainistir ach fothrach anois
    • Meyer, Kuno (eag.). Cain Adamnain: An Old Irish Treatise on the Law of Adamnan. Oxford: Clarendon Press, 1905.
    • Ní Dhonnchadha, Máirín (aistr.). "The Law of Adomnán: A Translation." Adomnan at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of the Law of the Innocents, eag. Thomas O’Louglin. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001. 53-68.
  • Fionnphort, Oileán Í
    Adomnán, De Locis Sanctis
    • Meehan, D. (eag.). Adomnan's 'De Locis Sanctis'. Scriptores Latini Hiberniae 3. Baile Átha Cliath, 1958. 1–34.
  • Anonymous, Betha Adamnáin
    • Herbert, Maire agus Padraig Ó Riain (eag. agus aistr.). Betha Adamnáin: The Irish Life of Adamnán. Irish Texts Society 54. 1988. 1-44.
  • Anonymous, Fís Adomnáin, 10-11ú haois.
    • Windisch, Ernst (eag.). "Fís Adamnáin." Irische Texte 1, 1880, ll. 165-96.
    • Stokes, W. (eag. agus aistr.). Fis Adomnáin. Simla, 1870.
    • Carey, John (aistr.). King of Mysteries: Early Irish Religious Writings. Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 1998, ll. 263-74.

Foinsí tánaisteacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Herbert, M. Iona, Kells agus Derry: the history and hagiography of the monastic familia of Columba. 1988.
  • O'Loughlin, T. "The Exegetical Purpose of Adomnán’s De Locis Sanctis", Cambridge Medieval Celtic Studies 24 (1992), ll. 37-53.
  • — "The Library of Iona in the Late Seventh Century: The Evidence from Adomnán’s De locis sanctis", Ériu45, 1994, ll. 33-52
  • — "The View from Iona: Adomnán’s mental maps", Peritia 10, 1996, ll. 98-122
  • — "Res, tempus, locus, persona: Adomnán’s Exegetical Method", Innes Review 48, 1997, ll. 95-111; athchló i: D. Broun agus T.O. Clancy eag., Spes Scotorum: Hope of the Scots: Saint Columba, Iona and Scotland (T. and T. Clark, Dún Éadain 1999), ll. 139–158.
  • — "Adomnán and Arculf: The Case of an Expert Witness", Journal of Medieval Latin 7, 1997, ll. 127-146
  • — "Adomnán: A Man of Many Parts" in T. O’Loughlin eag., Adomnán at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of the Law of the Innocents, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2001, ll. 41–51.
  • — "The Tombs of the Saints: their significance for Adomnán", i J. Carey, M. Herbert agus P. Ó Riain eag., Studies in Irish Hagiography: Saints and Scholars, Four Courts Press, Baile Átha Cliath 2001, ll. 1–14.
  • — (eag.) Adomnán at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of these Law of the Innocents. (Baile Átha Cliath: Four Courts Press, 2001)

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. As Béarla, Eunan, féach https://www.johngrenham.com/findasurname.php?surname=Mac%20Giolla%20Adhnamhn%C3%A1in
  2. "Naomh Adhamhnán, ab: Meán Fómhair 23 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2020-09-23.
  3. "Sliabh Speirín Thuaidh agus An Bhanna - Slí Cholmcille". www.gaeilge.colmcille.org. Dáta rochtana: 2020-09-23.
  4. "Irish Column: Nessí agus Cama". Irish Echo (2011-02-16). Dáta rochtana: 2020-09-23.
  5. "5.5 Baile an Teampaill - Slí Cholmcille". www.gaeilge.colmcille.org. Dáta rochtana: 2020-09-23.
  6. "WHITE, Stephen (1574–?1647)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-09-23.


Roimh
Failbhe
Abb Í
679–704
Tar Éis
Conamhail