Manapii

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream Gaelach i nÉirinn ársa ba ea na Manapii, luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD. Tá Contae Fhear Manach ainmnithe astu.

Deirtear go minic gurb ionann a n-ainm agus is na Menapii.[1][2] Meastar gur P-Cheiltis iad an dá ainm, fréamhaithe b'fhéidir ón bPrótai-Cheiltis *mano- (de rogha air sin *meno-*mono-) le brí nó "smaoineamh" nó "siúl". Tá seans ann go bhfuil fréamh eile ann, *mono-, ón bPrót-Ind-Eorpais *men- le brí "ardú", óna dtagann na focail Bhriotainic le haghaidh "sliabh".[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Sims-Williams, Patrick, 'Common Celtic, Gallo-Brittonic and Insular Celtic', in Lambert, Pierre-Yves & Pinault, Georges-Jean (eag.), Gaulois et Celtique Continental, Geneva: Droz, 2007, ll. 329-330.
  2. Koch, John, "Celtic Culture: a historical encyclopedia", ABC-CLIO, 2006, lch. 199.
  3. Isaac, Graham, "Place-Names in Ptolemy's Geography : An Electronic Data Base with Etymological Analysis of Celtic Name Elements". CD-ROM. 2004, CMCS Publications, Aberystwyth.