Darini

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream ársa luaite sa Geografaíocht le Tolamaes ab ea na Darini (Δαρῖνοι) (leagan eile lámhscríbhinne: Darnii [Δάρνιοι]). Deirtear go raibh cónaí orthu i ndeisceart Contae Aontroma agus tuaisceart Contae an Dúin.[1] Is amhlaidh óna ainm go raibh sinsear darbh ainm Dáire (*Dārios) acu,[2] mar a maíodh freisin ag roinnt dreamanna stairiúla, san áireamh na Dál Riada agus Dál Fiatach (.i. Ulaid), lonnaithe san áit chéanna in oirthear chúige Uladh,[3] chomh maith leis na hÉarainn/Iverni na Mumhan. Faightear Dún Droma Dáirine mar ainm moch ar Dún Droma, Contae an Dúin, agus glaodh Dáirine ar mhuintir Éarann fosta.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is focal a bhfuil go leor fianaise aige as Gaillis é Dari(o) ("corraíl, fíoch, míre"), go háirithe i n-ainmneacha pearsanta.[4] Faightear é as Breatnais as cynddaredd ("míre"). Is léir dá bharr gur dhream fíochmhar iad na Darini agus de shliocht dé rua. In am trátha, ámh, "reithíocht" nó "foréigneach", is amhlaidh le bunbhrí "míre ainmhí".[5]

Dreamanna agus daoine ársa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rí na Mumhan ab ea Cú Raoi mac Dáire, a thagann ar an bhfód go minic sa Rúraíocht, ag tabhairt chun cuimhne is dócha na Darini réamhstairiúla agus iad cumhachtach. Mhaígh an Dál Fiatach gur shliocht de chlann leathdhiaga, Cland Dedad,[6] ab ea iad, rud a chuireann gaol na gcúigí in iúl – bhíodh na Darini agus na hUlaid ina gcónaí in aice a chéile in Éirinn de réir Tolamaes agus gan dabht seanmhuintir. Dáire mac Dedad ab ea athair Chú Raoi, agus ainmníodh na Clanna Dedad as a sheanathair, Deda mac Sin.

Dúradh gur de shliocht Íair mhic Dedad, deartháir Dháire, ab ea Conaire Mór seanscéalach, sinsear Shíl Chonaire (.i. Dál Riada, Múscraí, Corcu Duibne, agus Corca Bhaiscinn). Leagan eile is ea Íar den bhunfhréamh le feiceáil san ainm Iverni/Éarainn.[7]

Ar deireadh, caomhnaítear san ainm Íoth an fhréamh Ind-Eorpais *peiH- ("bheith ramhar, borradh"). Tugtar an phearsa seo sna ginealaigh mar bhunshinsear na Corcu Loígde (Dáirine), rud a thugann le fios a shinsearacht agus a ngaol leis na hIverni,[8] agus bunscéal iomlán na nDarini/Dáirine agus a muintir in Éirinn stairiúil.

Sliocht nua-aimsire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt clanna na hAlban agus cúige Uladh is Mumhan a rianaíonn a mbunúis ar ais chuig na Darini/Dáirine féin ní dreamanna dlúthghaolta leo, clanna san áireamh Mhic Mhathúna, Uí Eachach, Mhic an Ultaigh den Dál Fiatach, agus Uí Eidirsceoil agus Uí Laoghaire de Chorca Laidhe.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tuilleadh le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tolamaes, Geografaíocht, 2.1
  2. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, lch. 2, 7
  3. Donnchadh Ó Corráin, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in R. F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland, Oxford University Press, 2001
  4. Xavier Delamarre, Dictionnaire de la Langue Gauloise. Páras: Editions Errance. 2001, lch. 113
  5. féach Delamarre
  6. The Kingdom of Ulster ar ancestry.com
  7. Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. 1911, ll. 59–114
  8. John T. Koch. "Ériu", in John T. Koch (eag.). Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO. 2006, ll. 709-18