Gangani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream Gaelach suite i n-iardheisceart na hÉireann ársa ba ea na Gangani (Γαγγανοι), luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD.[1][2] Lonnaithe a bhí siad is dócha gar d'inbhear na Sionainne, idir na hAuteini ó thuaidh agus na hUellabori ó dheas. Is amhlaidh go raibh treibh den ainm céanna suite i n-iarthuaisceart na Breataine Bige, óir go dtugann Tolamaes "leithinis na nGangani" (Γαγγανὤν ἄκρον) ar Leithinis Llŷn.[3][4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tolamaes, Geografaíocht, 2.1 le Bill Thayer
  2. Philip Freeman, Ireland and the Classical World, University of Texas Press, 2001, ll. 73-74
  3. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, lch. 2, 10
  4. Barry Cunliffe, Iron Age Communities in Britain, Routledge, 2005, lch. 206