Coriondi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dream Gaelach ársa suite i ndeisceart na Laighean ba ea na Coriondi (Κοριονδοί), luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, den dara haois AD.[1]

Aithníonn Eoin Mac Néill dream Gaelach níos deireanaí, na Coraind, a bhí lonnaithe i ngleann na Bóinne, a d'fhéadfadh gurb ionann iad agus na Coriondi.[2] I measc ainmneacha eile a d'fhéadfadh a bheith gaolmhar, tá an Corcu Cuirnd,[2] Cuirennrige agus an Dál gCuirind. Sa Bhreatainn, fhear samplaí amhail is na Corionototae, aitheanta de bharr inscríbhinne in Hexham, Northumberland; agus Corinion, an t-ainm Briotainic ar Cirencester, Gloucestershire.[1]

Feictear an fhréamh *corio- i n-ainmneacha pearsanta agus treibhe Gallacha, de ghnáth a mheastar le brí arm nó buíon gaiscíoch.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946, ll. 33-34
  2. 2.0 2.1 Eoin Mac Néill, "Early Irish population groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29, 1911, ll. 59–114
  3. J. Lacroix, Les noms d'origine gauloise, la Gaule des combats, Errance, Paris, 2003