Iverni

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cine ársa na hÉireann lonnaithe in iardheisceart na tíre ab ea na hIverni (Ἰούερνοι, Iouernoi), luaite don chéad uair riamh sa Geografaíocht (Γεωγραφικη) le Tolamaes sa 2a haois.[1] Deir sé go raibh cathair darbh ainm Ivernis (Ἰουερνίς, Iouernis) laistigh dá gcríocha, agus tugann faoi ndeara gurbh ionann ainm na lonnaíochta seo agus ainm an oileáin go léir, Ivernia (Ἰουερνία, Iouernia).[2]

Is iad na hIverni ar cheann desna na ciníocha luaite ag Tolamaes ("Iwernoi" sa léarscáil thuas) ina leabhar, Geografaíocht.

Tá an t-ainm Iverni fréamhaithe ón bPrót-Ind-Eorpais *PiHwerjoHn, "an tír thorthúil". Is dócha gur dtugtaí tráth an t-ainm úd do gach cine na hÉireann, ach faoi ré Tholamaes, bhíodh ciall níos caoile air, ag lua muintir an iardheiscirt .[3] Samhlaítear na hIverni ó thaobh teangan de leis na hÉrainn (Éraind, Érnai, Érna),[4] dream léirithe i Ríocht na Mumhan agus in áiteanna eile sa luath-mheánaois. Luaitear scaití ríteaghlaigh ríoga réamhstairiúil na nÉrann mar na Dáirine.[5][6]

Clanna stairiúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir sna dréachta ginealaigh luath-Ghaelacha gur dream ar leith iad na hÉarainn, i dteannta leis na Laigin agus na Cruithne. I measc dreamanna na Mumhan a cheaptar gurbh Érainn iad, faightear:

Meastar fosta gurbh Éarainn iad an Dál Riada agus Dál Fiatach (nó Ulaid) i gCúige Uladh.

Is amhlaidh gur dhream cumhachtach iad na hÉarainn le linn na ré réamhstairiúla, ach ina dhiaidh sin fágadh iad ar an imeall, seachas go suntasach na hOsraí diamhra. Bhí meas éigin fós ag Corc Laidhe, sliocht is tábhachtaí Érainn na Mumhan, fiú tar éis éirí aníos na hEoghanachta sa 7ú nó 8ú haois.[7] Is dócha é gur sliocht na nÉrann/Dáirine ó thús ab ea an chlann scaití-cumhachtach Uí Liatháin agus a ngaolta fola an chlann Uí Fidgenti, agus airíodh iad míosa déanaí mar Eoghanachta ar cúiseanna polaitiúla.[8][9]

Creidtear gur luathdhream suntasach eile Éarainn na Munster ab ea na Mairtine, a bhí imithe as radharc ag tús na ré luatstairiúla, cé gur shinsir Déisi Tuaiscirt agus Dál gCais iad b'fhéidir.[10] D'fhéadfadh é gur shinsir na nDéisi Muman iad na hÉarainn, ach níltear ar aon ghuth maidir le seo le tamall fada.

Dáire: Darini, Dáirine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is an-dócha é go raibh gaol ann idir na hIverni agus na Darini as oirthear Cúige Uladh.[11] Tugann an t-ainm "Darini" gaol le Dáire, (*Darios),[4] mar a maígh roinnt dreamanna stairiúla aitheanta mar Érainn, san áireamh na Dál Riata agus Dál Fiatach in oirthear cúige Uladh[12] chomh maith le bÉrainn na Mumhan.

Dún Droma Dáirine ab ea bunainm ar Dhún Droma, Contae an Dúin; agus Dáirine an t-ainm a glaodh ar na Corcu Loígde, rudaí sa bhreis a chuireann gaol in iúl idir na Darini agus na hIverni.[4]

Érainn: Clanna Dedad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rianaíonn ginealaigh na nGael fuil na nÉarann as beirt shinsear éagsúil, Ailill Éarann agus Íar mac Dedad — leagan eile is ea Iar den fhréamh atá sna hainmneacha Iverni agus Érainn. I measc mhuintir seanscéalach Ailealla, tá Cland Dedad (Deda mac Sin), dream na Mumhan sa Rúraíocht faoi cheannas Chú Raoi mhic Dháire mhic Dedad, agus Ard-Rí seanscéalach na hÉireann, Conaire Mór, garmhac Iair agus sinsear Síl Conairi. Is amhlaidh go bhfuil an chlann stairiúil Uí Mhic Iair agus na MAQI IARI le feiceáil ar na hinscríbhinní Oghaim.[13][14]

Ar deireadh, tugtar sna ginealaigh an t-ainm Íth mar bhunshinsear Chorcu Loígde (Dáirine), agus cuireann sin mearbhall ar a sinsearacht agus a ngaol leis na hIverni. I ndáiríre, caomhnaítear ann an fhréamh Ind-Eorpais chéanna, *peiH- ("bheith ramhar, borradh"),[15] agus leis sin bunscéal iomlán na nIverni/Érainn agus a muintire.

Teoiric teangan Uí Raithile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is teanga hipitéiseach í Ibheirnis a mhol T. F. O'Rahilly, gur theanga P-Ceiltis (is dócha Briotainic) neamhfhianaithe í a labhraítí in Éirinn roimh an nGaeilge. Mhol sé gur labhair na hIverni an teanga seo (agus dá bharr a hainm), agus gur lonnaigh siad in Éirinn ón Bhreatain. D'aithin O'Rahilly dhá fhocal i Sanas Cormaic fréamhaithe ón Ibheirnis: ond, "cloch"; agus fern, "aon rud maith".[16]

Bréagnaíodh an teoiric seo agus dá bharr ní ghlactar í go forleathan i measc scoláirí.[17][18][19] Lena chois sin, is léir go raibh Gaeilis á labhairt ag na hIverni, óir go bhfuil inscríbhinní Oghaim as Gaeilge Chianach is flúirsí i gContaetha Corcaí agus Ciarraí.[20]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Herm, Gerhard (2002). "The Celts". St. Martin's Press. 
  • Quiggin, Edmund (1911). "Ireland § Early History" . Encyclopædia Britannica. 14 (11ú eag.), lch. 757.
  • J.-J. Tierney, The Greek geographic tradition and Ptolemy's evidence for Irish geography, in ARÉ Proc., Ixxxvi (1976) cuid C, ll. 257–265
  • Theodore William Moody, A New History of Ireland, lch. 140, Oxford University Press, 1976
  • Nora Kershaw Chadwick, The Celts, Pelican Books, 1970
  • C. Thomas Cairney, Clans and Families of Ireland and Scotland, An Ethnography of the Gael, AD 500 – 1750, McFarland & Company Inc, Publishers ISBN 0-89950-362-4
  • T. F. O'Rahilly, Irish Dialects, Past and Present, 1932
  • T. F. O'Rahilly, The Goidals and Their Predecessors, Londain, The British Academy, 1935
  • C. F. C. Hawkes, Pytheas: Europe and the Greek Explorers, Oxford University Press, 1977
  • John Haywood, Atlas historique des Celtes, aistr. Colette Stévanovitch, éditions Autrement, coll. Atlas/Mémoires, Paris, 2002, ISBN 2-7467-0187-1.
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973 ISBN 0-7134-5882-8
  • Duffy, Seán (eag.), Atlas of Irish History. Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath, 2a heagrán, 2000 ISBN 0-7171-3093-2
  • Nora Chadwick, The Celts, Pelican Books, 1971
  • C. Thomas. Cairney, Clans and Families of Ireland and Scotland – An Ethnography of the Gael AD 500–1750, Willow Bend Books, 1989.
  • Richard Bradley, The Prehistory of Britain and Ireland, Cambridge University Press, 2007, ISBN 0-521-84811-3, ISBN 978-0-521-84811-4
  • T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Cambridge University Press, 2000, ISBN 0-521-36395-0, ISBN 978-0-521-36395-2
  • Barry Raftery, Pagan Celtic Ireland: The Enigma of the Irish Iron Age, Thames and Hudson, 1998 ISBN 0-500-27983-7
  • Lloyd Robert Laing, The Archaeology of Celtic Britain and Ireland, C. AD 400–1200: C. AD 400 – 1200, Cambridge University Press, 2006 ISBN 0-521-83862-2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tolamaes, Geografaíocht. 2.2.6 (eag. K. Müller [Paris 1883–1901])
  2. Tol, Geog, 2.2.9; 8.3.4
  3. John T. Koch, Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, ABC-CLIO, 2005, lch. 709
  4. 4.0 4.1 4.2 O'Rahilly, T. F. (1946). "Early Irish History and Mythology". Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  5. Dáirine, Dáire-ne, ar eDIL
  6. O'Rahilly, ll. 7, 189
  7. Charles Doherty, "Érainn", in Seán Duffy (eag.), Medieval Ireland: an encyclopedia, 2005, CRC Press, ll. 156–157
  8. John V. Kelleher, "The Rise of the Dál Cais", in Étienne Rynne (eag.), North Munster Studies: Essays in Commemoration of Monsignor Michael Moloney. Luimneach: Thomond Archaeological Society. 1967, ll. 230–41.
  9. Gearóid Mac Niocaill, Ireland before the Vikings. Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan. 1972.
  10. Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400–800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland (Volume 1): Prehistoric and Early Ireland. Oxford University Press. 2005, lch. 222
  11. le haghaidh dianphlé, dreach Julius Pokorny, "Beiträge zur ältesten Geschichte Irlands (3. Érainn, Dári(n)ne und die Iverni und Darini des Ptolomäus)", in Zeitschrift für celtische Philologie 12 (1918), ll. 323–57.
  12. Donnchadh Ó Corráin, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in R. F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland, Oxford University Press, 2001
  13. Eoin Mac Néill, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Proceedings of the Royal Irish Academy (C) 29, 1911, ll. 59–114
  14. Mac Néill, 1911
  15. John T. Koch (eag.), Ériu, Celtic Culture: A Historical Encyclopedia, ABC-CLIO, 2006, ll. 709–18
  16. O'Rahilly, T. F. (1946). "Early Irish History and Mythology". Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  17. Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006. p.750
  18. Martin Ball and James Fife. The Celtic Languages. Psychology Press, 1993, lch.75
  19. MacEoin, Gearóid. "What language was spoken in Ireland before Irish?", in The Celtic Languages in Contact. Potsdam University Press, 2007, lch. 116
  20. John T. Koch, "Ériu, Alba and Letha: When was a Language Ancestral to Gaelic First Spoken in Ireland?", Emania 9, 1991, ll. 17–27