Mhic Cárthaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Clann de chuid Eoghanachta na Mumhan ba ea Mhic Cárthaigh. Bhí roinnt géaga ann den chlann, ina measc Mhic Cárthaigh Riabhach, Mhic Cárthaigh Mhúscraí agus Mhic Cárthaigh Dhúiche Eala. As líon daoine Éireannacha leis an sloinne Mac Cárthaigh, tá cónaí ar seasca fán gcéad acu i gContae Chorcaí, áit a raibh an-chumhacht acu sa Mheánaois.

Armas Mhic Cárthaigh

.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baiste rí Mumhan ag Naomh Pádraig, le James Barry, c. 1780s. Sinsear Mhic Cárthaigh ba ea an rí, Aonghas mac Nadha Fraoigh, Eoghanacht Chaisil

Is é sinsear na clainne é Cárthach, rí Eoghanacht Chaisil king, a fuair bás sa bhliain 1045 de thairbhe tine tí lasaithe d'aon ghnó ag duine Uí Lonargáin (de bhall Dál gCais, céilí comhraic na nEoghanacht). Deargnamhaid an Ardrí, Brian Bóramha, ba é Cárthach. Cuireadh an ruaig ar réamhdhream Mhic Cárthaigh as a cheantar dúchais ar Mhachaire na Mumhan, Contae Thiobraid Árann, de bharr leathadh Uí Bhriain i lár na 12ú haoise.

Bhí beirt mhac, Tadhg agus Cormac, ag Muireadhach mac Cárthaigh (bás 1092). Ghlacadar beirt ainm a seanathair mar shloinne, .i. Mac Cárthaigh. Sa bhliain 1118, críochdheighleadh ríocht na Mumhan i ndá leath, Tuamhain agus Deasumhain, ag Conradh Ghleann Maghair. Rinneadh chéad rí Dheasumhan de Thadhg.

Le cúig aois anuas, bhí an chlann chun cinn sa Mhumhain. Bhí ceithre mhór-ghéag ann;

Choinnigh na clanna is orthu ag troid in éadan chúngach na Normannach agus na Sasanach suas go dtí an seachtú haois déag nuair a chailleadar beagnach gach rud. Mar eisceacht, fuair an chlann White, sliochtaigh Chormaic Láidir Mhic Cárthaigh, le hoidhreacht Caisleán Mhaigh Chromtha. Dódh an caisleán sa bhliain 1922 agus is cuid de chlub gailf inniu é.[1]

Is sa Bhlarna a fhaightear rí-chathaoir Mhic Cárthaigh Mhúscraí. De réir sean-nóis, bronnadh Cloch na Blarnan ar Chormac Mac Cárthaigh, rí Dheasmhumhan, ag rí Roibeard Brús na hAlban, mar bhuíochas as ucht a chuid tacaíochta i mBlàr Allt a' Bhonnaich sa bhliain 1314. Tugadh an tríú Caisleán ar an suíomh ag Diarmaid Mac Cárthaigh (eile) sa bhliain 1446. Bhí cáil ar Dhiarmaid as a solabharthacht, agus dá bharr, an nós go dtuga Cloch na Blarnan bua na cabaireachta ar duine ar bith a phógfadh í.

Tá an-chuid tagairtí do chlann Mhic Cárthaigh Anna hannála, i nAnnála Inis Faithlinn ach go háirithe. Saoirbhreathach (galldaithe mar Justin) ba ea athair Chárthaigh, ainm atá le fáil sa chlann le feadh na gcianta, matáin le Finghin (galldaithe mar Florence, sa ghnáthchaint Flurry).

Bhí an choróin i seilbh Mhic Cárthaigh, de réir tánaisteacht an Fhéineachais suas go dtí scaoileadh na ríochta sa bhliain 1596.

Clanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Feictear sin chlann déag mhic Cárthaigh sa King's History of Co. Kerry:

  1. Sliocht Eoghain Mhóir Chois Mainge
  2. Sliocht Cormaic Dunguile
  3. Sliocht Fhinghin Duibh Aird Chánachta
  4. Sliocht Chlann Domhnaill Fhionn
  5. Sliocht Iníon Riddery
  6. Sliocht Domhnaill Bhric
  7. Sliocht Neidín
  8. Sliocht Chlann Taidhg Chiotaigh
  9. Sliocht Chlann Diarmada
  10. Sliocht Chlann Domhnaill Rua
  11. Sliocht Mhic Fhinghin

Tá garghaol idir Mhic Cárthaigh agus roinnt teaghlaigh na Mumhan eile, san áireamh Uí Shuilleabháin, Uí Cheallacháin, Uí Chaoimh, Uí Dhonnchadha agus Uí Dhonnabháin. Bhí luathchlann Mhic Cárthaigh Anna ghlaoiti Mhic Amhlaoibh orthu féin.

Ríthe Dheasmhumhan 1118–1596[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tadhg, mac is sine Mhuireadhaigh, 1118–1123
  • Cormac Mac Cárthaigh, a dheartháir, 1123–1127 & 1127–1138
  • Donnchadh, a dheartháir, 1127 & 1138–1143
  • Diarmaid, a nia, 1143–1185
  • Finghin, a dheartháir, 1206–1207
  • Diarmaid mac Domhnaill, 1207–1229
  • Cormac, a dheartháir, 1229–1247
  • Domhnall Got, 1247–1252
  • Fínghin de Chath Challainne, 1252–1261
  • Cormac, a dheartháir, 1261–1262
  • Domhnall mac Cormaic, 1262–1302
  • Domhnall mac Domhnaill, 1302–1306
  • Donnchadh, deartháir Domhnaill, 1306–1310
  • Diarmaid mac Domhnaill, 1310–1326
  • Cormac, deartháir Diarmada, 1326–1359
  • Domhnall mac Cormaic, 1359–1390
  • Tadhg mac Domhnaill, 1390–1428
  • Domhnall, mac Taidhg, 1428–1469
  • Tadhg, deartháir Domhnaill, 1469–1503
  • Domhnaill mac Taidhg, 1503–1508
  • Cormac, deartháir Domhnaill, 1508–1516 & Tadhg mac Domhnaill, 1508–1514
  • Domhnall mac Cormaic, 1516 – ante 1558
  • Domhnall, ante 1558–1596

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

McCarthy[cuir in eagar | athraigh foinse]

McCarty[cuir in eagar | athraigh foinse]

MacCarthy[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Macroom Golf Club". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Bealtaine 2008. Dáta rochtana: 14ú Eanáir 2022.

Teimpléad:Ríocht na Mumhan