Troideadh Cath Challainne Lúnasa 1261 idir Gall-Dheasumhan, faoi Sheán Mac Thomáis Mac Gearailt, Iú Iarla Dheasumhan, agus Clann Chárthaigh, faoi Fhinghin Mac Carthaigh as Rinn Róin.
Bhuail an dá arm le chéile i gCallainn, lámh le Neidín, ar an 24 Iúil sa bhliain 1261, agus tugadh maidhm is ruaig ar arm na Normannach agus maraíodh Seán Mac Thomáis féin agus a mhac Muiris mar aon le hochtar barún, cúig ridire fichead agus a lán Sasanach, ionas nár fhan ina bheatha de theaghlach Sheáin ach naí, Tomás, mac don Mhuiris a maraíodh.