Tánaisteacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Córas oidhreachta i rítheaghlaigh athairlíneacha na nGael i nÉirinn, san Albain agus ar Oileán Mhanann is ea Tánaisteacht, ina bhfuil an Tánaiste ina chomharba dealraitheach an taoisigh nó an .

Faightear an t-ainm fós i rialtas Phoblacht na hÉireann, ina ghlaoitear Taoiseach ar an bpríomhaire, agus Tánaiste ar an leasphríomhaire.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó bhunús, thoghtaí an tánaiste as damhnaí na rítheaghlach nó, de rogha ar sin, as fir na gclann. Shocraítí cáilitheacht de réir athairlíneachais.[1]

Feictear tánaisteacht ó thús na ré stairiúla, cé nach bhfaightear fianaise uirthi sna hannála go dtí céad bliain tar éis ionradh na Normannach.[2] Dar le scéal faoi Chormac mac Airt, ba thánaiste é a mac is sine, ach gur tháinig rídhamhna eile, Eochaid Gonnat, i gcomharbacht air tar éis a dhúnmharaithe ag na Déise.

Thóg na Gaeil an tánaisteacht athairlíneach agus nósanna eile leo thar lear go hAlban tar éis AD 400. Níor ghlac na Cruithnigh leis an nós úd, de ghnáth, théadh comharbacht trí gharmhac nó nua máthartha.

Ní théadh comharbacht ríoga in Albain Ghaelach ach de thoghchán athairlíneach trí Shiol Ailpín, go dtí réimeas Maol Choilm II sa bhliain 1005. Chuir sé monarcacht oidhreachtúil ar bun, máthairlíneach san áireamh, ag iarradh aighneas comharbachta a chur faoi chois, agus a iníonacha a chur chun cinn. Mar thoradh ámh, bhí achrann ann leis na glúinte ina dhiaidh.

I nÉirinn, lean tánaisteacht i réim go dtí lár na 16ú/go luath sa 17ú  haoise, nuair a cuireadh dlí coiteann Anglach ina hionad.[3][4] Nuair a ceapadh an chéad Phríomh-Arailt sa Phoblacht sa bhliain 1943, níor tógadh tánaisteacht ar ais. Bhain an stáit aitheantas cúirtéise do chinn Éireannacha na fine, bunaithe ar sinsearacht ón taoiseach aitheanta deiridh.[5]

Iarrathóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh taoiseach nó rí ina choróin le feadh a shaoil. Bhíodh sé de nós gur chóir dó bheith in aois, ar a chiall agus ina shláinte. Bhíodh tánaiste ann a rinneadh rí de ag bás an rí nó dá n-éireodh sé dícháilithe.[6] De ghnáth, rinneadh tánaiste de mhac rí, ach ní mar thoradh sinsearachta.[7][8]

Bhíodh sé de nós gur bhall de dhearbhfhine an rí é rídhamhna. Go minic, ámh, chaithfí bheith ball de ghealfhine an rí, agus d'fhéadfadh é go n-ísleofaí iad sa chlann mhór go huasalaicme nó fiú tuathánach.

Ní hionann tánaisteacht agus monarcacht oidhreachtúil, óir nach féidir an comharbacht a thuar trí ghinealach amháin.

Iarmhairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé nár ceapadh í bheith amhlaidh, measadh go gcruthaítí cothromaíocht idir clanna mar thoradh na tánaisteachta. Tharlaíodh go minic uainíocht i measc na gclann, go háirithe sa mheánaois. Dá ndéanfadh taoiseach éigin iarracht a chlann féin a chur chun cinn, chuirfeadh na toghthóirí eile ina aghaidh, le heagla roimh cheansú.

A bhuí le tánaisteacht, bhíodh seans acu siúd a bhí uaillmhianach a ndeis a thapú. Ba chúis aighnis go minic í sna teaghlaigh agus idir na clanna, ach ar an dtaobh eile, ba leath-daonlathach í.

Clann Uí Bhriúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí míbhuntáiste ann ó thaobh thánaisteachta de, le méadú na rídhamhnaí ó ghlúin go glúin, agus an dóchúlacht dá bharr go dtarlódh cogadh díorthaithe cine.[1] Bhí sin amhlaidh i measc mhuintir Thoirdhealbhaigh Uí Chonchúir (1088–1156). Bhíodh a rítheaghlach, clann Uí Bhriúin, i gceannas mar Ríthe na gConnacht ó lár na 5ú haoise ar a laghad. Rinneadh Ardrí na hÉireann de Thoirdhealbhach as ucht a chuid cumhachta, agus Ríocht na Mí agus ríocht Átha Cliath, i measc eile, faoina chois. Ach laghdaigh a chumhacht mar thoradh aighnis idir a mhic. I dteannta le hionradh na Normannaigh ón mbliain ar aghaidh 1169 ar aghaidh, ní raibh ach beagán dá n-iar-chríocha acu faoi lár na 13ú haoise.[9]

Tá sampla eile de dhearbhfhine mhór le fáil i nAnnála Chonnacht. Ag Dara Cath Bhaile Átha an Rí i Lúnasa 1316, insítear gur maraíodh rí Tadhg Ó Ceallaigh (Tadc Ó Cellaig) Uí Mhaine agus ochtar is fiche "dar dual rí".[10]

Brús[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1296, bhain iarrthóir an chlann Bhrúis ar ríogacht na hAlban gáir as tánaisteacht ar a son. Ó thaobh sinsearachta de, raibh sé incháilithe, ach ó thaobh uainíochta (agus aoise agus taithí) bhí gach seans aige mar ina éilitheoir. Agus fosta, de réir mháthairlíneachas na Cruithnigh, bhí cead aige a éileamh a thabhairt.

Tugadh breithiúnas ar bhonn sinsearachta, faoi réir rí Shasana, ar son an iarrathóra eile ó Theach Balliol. I ndiaidh sin ámh tháinig nósanna na gclann ar ais. Tháinig Roibeard Brús, garmhac, i gcoróin cé gur de chlann shóisearach é.

Cuireadh deireadh le tánaisteacht in Albain de bharr bhreithiúnais i rith réimeas Séamas VI. Cuireadh dlí talún Sasanach i réim ina hionad.[6][11]

An Bhreatain Bheag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh córas mar an gcéanna sa Bhreatain Bheag. Faoi dhlí Breathnach, d'fhéadfadh aon duine de dheartháireacha nó mic an rí a bheith tofa mar edling nó oidhre na ríochta.

Tánaisteacht fola[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é atá i gceist le 'tánaisteacht fola' ná "the most talented male member of the royal dynasty should inherit the throne, commonly by murder and war".[12] Go háirithe, úsáidtear an téarma chun nósanna comharbachta Turco-Mongol a chur in úil.[12]

Cultúr na ndaoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bryne, Francis John (1973). "Irish Kings and High Kings". 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named Warntjes-2004
  2. Mac Néill, Eoin (1934). "Early Irish Laws and Institution[s]". 
  3. Davis (1608), Case of Tanisrry, 28 180 E.R. 516
  4. McGinty, Matthew. "Tanistry, primogeniture and divided clans".
  5. Murphy, Sean J. (29ú Aibreán 2010). "Irish Chiefs: Historical background and a register". Centre for Irish Genealogical and Historical Studies.
  6. 6.0 6.1 Teimpléad:EB1911
  7. Jaski, Bart (1995), The Traditional Rule of Succession in Early Ireland, Baile Átha Cliath: Coláiste na Tríonóide, p. 127
  8. Bhreathnach, Edel (2014). "Ireland in the medieval world, AD 400-1000: Landscape, kingship and religion". Four Courts Press. 
  9. Curtis, Edmund (2012). "A History of Medieval Ireland: From 1086 to 1513". Routledge. 
  10. "Annals of Connacht at=1316.5" . 
  11. "The case of tanistry (Le case de tanistry)" (2001). Australian Indigenous Law Reporter 37 (6(3)). 
  12. 12.0 12.1 Fletcher, Joseph (1979). "Turco-Mongolian monarchic traditions in the Ottoman Empire". Harvard Ukrainian Studies 3: 236–251. 
  13. Frazer, James (1915). "The Golden Bough". 
  14. Gibson, A.G.G. (2015). "Robert Graves and the classical tradition". RA: Oxford University Press. 
  15. Graves, Robert (1955). "The Greek Myths". Penguin Books. 
  16. Kurtz, Katherine (1984). "The Bishop's Heir". Del Rey Books. 
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "Kurtz-1985" defined in <references> is not used in prior text.