Dearbhfhine
Téarma do ghrúpaí athairlíneacha agus struchtúir chumhachta is ea dearbhfhine (Sean-Ghaeilge derbfine). Shainmhínítear é sna chéad chonairí scríofa san Fhéineachas (nó Dlí na mBreithiún). Tá an focal fréamhaithe ón réimír "dearbh" (fíor-, dílis, cinnte) agus "fine" (gaol fola, treibh), mar sin go litriúil, fíor-ghaol.[1]
Ba í an phríomhchuspóir a bhí leis ná mar institiúid oidhreachta maoine, le maoin a athdháileadh ar bhás comhalta do na baill eile den dearbhfhine. Ó bhunús, thagadh an téarma le grúpa ceithre ghlúin a raibh sin-sheanathair coiteann acu. D'imigh úsáid an téarma i léig de réir a chéile agus cuireadh ina áit an téarma gealfhine (Sean-Ghaeilge gelfine) i gcomhair ghrúpa le níos lú daoine, sé sin, grúpa ina raibh gaoil trí ghlúin ann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]