Ríthe Éireann
Feictear an teideal Rí[1] i n-annála Gaelacha, gaolmhar le rígh as Gaeilge na hAlban, Reich as Gearmánais, rix as Gaillis, rex as Laidin, raja as Sanscrait.
Is féidir tíreolaíocht polaitiúil na hÉireann a rianú sách cruinn ón 6ú haois ar aghaidh. San aimsir úd, bhí an tír roinnte ina paistí tuath le hordlathas luaineach de thrí nó ceithre ghrád rí:
- rí beann (Sean-Ghaeilge rí benn) nó rí tuaithe[2]
- rí buíonta (Sean-Ghaeilge rí buiden[3]), rí tuath nó ruire (Sean-Ghaeilge ruiri[4]), mór-rí réigiúnach
- rí ruireach (Sean-Ghaeilge ri ruirech), go minic rí cúige (rí cóicid)
- ard-rí
Níorbh ach siombalach iad na gráid úd thar aon ní. Le himeacht ama, b'fhéidir é go raibh fíorchumhacht rí níos ísle mar ab ionann nó níos mó ná rí níos airde. Cuireadh ceangail ar ríthe ámh trí ghéillsine mhíleata agus íocaíocht chánach.
Rí beann
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth, ba rí áitiúil i gceannas aon tuath amháin é rí beann nó rí tuaithe, cé gurbh fhada bhuí óna chéile iad na tuatha ó thaobh mhéide de. Meastar go raibh idir 100 nó 150 tuath in Éirinn, ag brath ar foinse.
Go teoiriciúil, ba rí beann é féin gach rí de chéim níos airde. Ní raibh údarás dlíthiúil díreach aige ach laistigh dá thuath shinseartha féin.[5]
Samplaí:
Ruire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mór-rí réigiúnach ab ea ruire, ri buiden, nó rí tuath, a raibh i gceannas ar roinnt ríthe rí beann. D'fhéadfadh a rá gur mion-rí fós é ar dóigh éigin, a bheadh ar a chumas ámh céim níos airde, ríogacht an chúige san áireamh, a bhaint amach, bíodh is go hannamh. Ag brath ar an áireamh, is dócha go raibh 20 fíor-ruire in Éirinn in aon aimsir amháin.
Samplaí:
- Ríthe Bhréifne
- Ríthe na nOsraí
- Ríthe na nOiriall
- Ríthe Mhagh Loirg
- Ríthe Uí Mhaine
- Ríthe IarChonnacht
Rí ruireach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rí cúigeach no leath-chúigeach ab ea rí ruireach go minic ab raibh roinnt ríthe ruire faoi smacht aige. Glaodh orthu fosta ri bunaid cach cinn[6] (rí bunaidh gach duine). Feictear a leanas roinnt ríochtaí desna chéad agus dara míle bliain, cé nach comhaimseartha iad. Ní raibh ar a mhéad sé fíor-rí ruireach ann ag aon am amháin, agus trí nó ceathair an meán ann. Ó thús, bhí cúig dá leithéid ann, ar a laghad de réir na seanscéalta (féach Táin Bó Cúailnge), agus dá bharr an t-ainm 'cúige' sna hAnnála Éireann.
Samplaí:
Ard-Rí
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir traidisiúna, rialtóir uachtarach na hÉireann ab ea an tArd-Rí. Insítear i miotaseolaíocht agus seanscéalta na nGael ámh go raibh a chuid cumhachta idir lag is láidir, go nó gan freasúra, agus de ghnáth ní raibh ann ach ceann feadhna, ag feidhmiú ardfhlaithiúnais ar na ríochtaí neamhspleácha níos ísle.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bhreathnach, Edel (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Dublin: Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005.
- Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Dublin: Four Courts Press. 2nd edition, 2001.
- Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press. 2000.
- Cowan, Edward J., "The Historical Macbeth", in Moray: Province and People. ed. W. H. D. Sellar. Dún Éadain: Scottish Society for Northern Studies. 1993. 117–142.
- Dillon, Myles, "The consecration of Irish kings", in Celtica 10 (1973): 1–8.
- []Myles Dillon|Dillon, Myles]], The Cycles of the Kings. Oxford. 1946.
- FitzPatrick, Elizabeth, Royal Inauguration in Gaelic Ireland c. 1100–1600: A Cultural Landscape Study. Boydell Press. 2004.
- Hamp, Eric P., "Scottish Gaelic morair", in Scottish Gaelic Studies XIV Part II (1986): 138–141.
- Jaski, Bart, Early Irish Kingship and Succession. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 2000.
- MacCotter, Paul, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 2008.
- Mac Néill, Eoin, Celtic Ireland. Baile Átha Cliath: The Academy Press. 1981. Athchló le réamhrá agus nótaí le Donnchadh Ó Corráin as an mbuneagrán le Martin Lester Ltd, 1921.
- Nicholls, K. W., Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages. Baile Átha Cliath: Lilliput Press. 2a heagrán, 2003.
- Ó Corráin, Donnchadh, "Nationality and Kingship in Pre-Norman Ireland". 1975.
- Richter, Michael, Medieval Ireland: The Enduring Tradition. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 1988.
- Watkins, Calvert, "Italo-Celtic Revisited", in Birnbaum, Henrik and Jaan Puhvel (eag.), Ancient Indo-European Dialects. University of California Press, ll. 29–50.