Taoiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de càrrec políticTaoiseach
SealbhóirLeo Varadkar
ó 1 Nollaig 2022
CónaitheSteward's Lodge (en) Aistrigh
Ceaptha agUachtarán na hÉireann
DlínseÉire
InstitiúidRoinn an Taoisigh
StáitÉire
Sainordú5 bliain
Cruthú29 Nollaig 1937
IonadaíTánaiste
Liostalist of Taoisigh (en) Aistrigh
Suíomhgov.ie…
Leo Varadkar, Taoiseach na hÉireann faoi láthair.

In Éirinn inniu, is é an Taoiseach (Taoisigh an uimhir iolra) ceannaire rialtaispríomh-aire Phoblacht na hÉireann. Sa stair, thugtaí taoiseach ar cheannaire treibhe (mar shampla GeronimoVercingetorix), nó go ginearálta, ar an té a bhí i gceannas.

Seanteideal Gaelach é taoiseach, a chiallaíonn "tiarna" nó "ceannaire". I Stair na hÉireann bhíodh an taoiseach ina ionadaí dá ríocht nuair a bhíodh gnóthaí aige leis na treibheacha eile, chomh maith le bheith i gceannas ar a mhuintir i bpáirc an áir.

An Taoiseach mar cheannaire rialtais in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an tUachtarán atá freagrach as Taoiseach a cheapadh ar mholadh Dáil Éireann. Caithfidh an Taoiseach, an Tánaiste agus an tAire Airgeadais bheith ina mbaill de Dháil Éireann. Sa Dáil, freagraíonn an Taoiseach ceisteanna maidir leis an pholaitíocht, le polasaithe nó le hábhair áirithe a bhaineann lena Roinn féin.

Is é Leo Varadkar, TD, ceannaire pháirtí Fhine Gael, Taoiseach na hÉireann faoi láthair.

Taoisigh na hÉireann idir 1919 agus an lá inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Uimh An Taoiseach Ó Go dtí Páirtí
1 Cathal Brugha 21 Eanáir 1919 1 Aibreán 1919 Sinn Féin
2 Éamon de Valera 1 Aibreán 1919 9 Eanáir 1922 Sinn Féin
3 Art Ó Gríofa 10 Eanáir 1922 12 Lúnasa 1922 Sinn Féin
4 Mícheál Ó Coileáin 16 Eanáir 1922 22 Lúnasa 1922 Sinn Féin
5 Liam Tomás Mac Cosgair 22 Lúnasa 1922 9 Márta 1932 Cumann na nGaedheal
(2) Éamon de Valera 9 Márta 1932 18 Feabhra 1948 Fianna Fáil
6 Seán A Mac Coisdealbha 18 Feabhra 1948 13 Meitheamh 1951 Fine Gael
(2) Éamon de Valera 13 Meitheamh 1951 2 Meitheamh 1954 Fianna Fáil
(6) Seán A Mac Coisdealbha 2 Meitheamh 1954 20 Márta 1957 Fine Gael
(2) Éamon de Valera 20 Márta 1957 23 Meitheamh 1959 Fianna Fáil
7 Seán F. Lemass 23 Meitheamh 1959 10 Samhain 1966 Fianna Fáil
8 Seán Ó Loingsigh 10 Samhain 1966 14 Márta 1973 Fianna Fáil
9 Liam Mac Cosgair 14 Márta 1973 5 Iúil 1977 Fine Gael
(8) Seán Ó Loingsigh 5 Iúil 1977 11 Nollaig 1979 Fianna Fáil
10 Cathal Ó hEochaidh 11 Nollaig 1979 30 Meitheamh 1981 Fianna Fáil
11 Gearóid Mac Gearailt 30 Meitheamh 1981 9 Márta 1982 Fine Gael
(10) Cathal Ó hEochaidh 9 Márta 1982 14 Nollaig 1982 Fianna Fáil
(11) Gearóid Mac Gearailt 14 Nollaig 1982 10 Márta 1987 Fine Gael
(10) Cathal Ó hEochaidh 10 Márta 1987 11 Feabhra 1992 Fianna Fáil
12 Ailbhe Mac Raghnaill 11 Feabhra 1992 15 Nollaig 1994 Fianna Fáil
13 Seán de Briotún 15 Nollaig 1994 26 Meitheamh 1997 Fine Gael
14 Parthalán Ó hEachthairn 26 Meitheamh 1997 6 Bealtaine 2008 Fianna Fáil
15 Brian Ó Comhain 7 Bealtaine 2008 9 Márta 2011 Fianna Fáil
16 Éanna Ó Coinnigh 9 Márta 2011 14 Meitheamh 2017 Fine Gael
17 Leo Varadkar 14 Meitheamh 2017 27 Meitheamh 2020 Fine Gael
18 Mícheál Ó Máirtín 27 Meitheamh 2020 Nollaig 2022 Fianna Fáil
19 Leo Varadkar Nollaig 2022 anois Fine Gael

Tabhair faoi deara gurb i 1937 a cuireadh tús leis an teideal 'Taoiseach' don té a bhí i gceannas ar an rialtas. Ba é an Príomhaire a bhí mar cheann rialtais sa Chéad Dáil. I 1921, déanadh Uachtarán Phoblacht na hÉireann de Eamon de Valera. Bhí Mícheál Ó Coileáin ina Chathaoirleach ar Rialtas Sealadach na hÉireann. De réir Bhunreacht Shaorstát Éireann, an teideal a bhí ar cheann an rialtais ná Uachtarán na hArdchomhairle. Mar sin, níl sé go huile is go hiomlán ceart an teideal 'Taoiseach' a bhronnadh ar gach duine a bhí i gceannas na rialtas éagsúil in Éirinn roimh dhaingniú Bhunreacht na hÉireann i 1937.

Taoisigh eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]