Geronimo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Geronimo

Taoiseach clúiteach de chuid na nApaiseach ab ea é Geronimo (16 Meitheamh, 182917 Feabhra, 1909). Goyaałé ab ainm dó ina theanga dhúchais féin, mar atá, Apaisis Chiricahua, ach is ó na Meicsicigh a fuair sé an leasainm.

Cogaidh[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar dtús, bhí cónaí ar Geronimo chois Turkey Creek i Nua-Mheicsiceo an lae inniu. Bhí sé ina lia sí i measc a mhuintire, ach san am céanna, bhíodh sé go minic ag cur cogaidh ar na Meicsicigh. Mharaigh saighdiúirí Meicsiceach a bhean chéile agus a thriúr clainne sa bhliain 1858, agus ón lá sin i leith, bhí fuath na ndaol aige ar na Meicsicigh.

Nuair a shealbhaigh na Stáit Aontaithe na críocha seo sna 1840idí, thosaigh Geronimo ag cur cogaidh ar na "saighdiúirí gorma" freisin. Na héachtaí a d'éirigh leis agus é ag dul sa seans ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar na saighdiúirí Meiriceánacha, thabhaigh siad clú agus cáil dó i measc a chuid námhad féin. Sa deireadh thiar thall, ghéill Geronimo agus an t-ochtar duine déag is fiche a bhí á thionlacan, ghéill siad iad féin d'fhórsaí an Ghinearáil Nelson A. Miles ar an 4 Meán Fómhair 1886 ag Skeleton Canyon in Arizona.

Príosún agus bás[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ina dhiaidh sin, cimíodh Geronimo, agus chaith sé an chéad chuid dá théarma braighdeanais i bhFlorida. Ocht mbliana ní ba deireanaí, cuireadh go dtí príosún eile in Oklahoma é. Ina sheanfhear dó, bhí sé ina ábhar adhnua ag féilte agus ag ócáidí poiblí.

Fuair Geronimo bás le niúmóine i bhFort Sill in Oklahoma, áit ar hadhlacadh é. Ní bhfuair sé cead riamh filleadh abhaile go dtí Nua-Mheicsiceo.