Asterix
Jump to navigation
Jump to search
Is é Asterix ainm an phríomhcharachtair i sraith leabhar i bhfoirm cartúin do pháistí leis an údar René Goscinny (ag an tús). Is scéalta iad faoin ngaiscíoch beag Ceilteach, Asterix, agus a chara mór, Obelix, agus faoin trioblóid mhór a thug siad don arm Rómhánach.
Thosaigh an tsraith ar an 29 Deireadh Fómhair 1959. Is féidir na scéalta a léamh i mbreis agus 100 teanga anois, an Ghaeilge ina measc.

Balla i scoil sa Bhruiséil
Tá an-tóir ar Asterix sa Fhrainc go háirithe. Mar shampla, sa bhliain 2017, bhí ceant ar siúl i bPáras chun léaráidí d’Asterix agus Obelix a dhíol[1]. Bhí na pictiúir sínithe ag na daoine a chruthaigh na scéalta, Albert Uderzo agus René Goscinny. Fuair siad €1.2 milliún ar léaráid amháin agus €1.4 milliún ar léaráid eile.
Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

múrmhaisiú sa Bhruiséil
Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Asterix na nGallach
- Asterix agus an Corrán Óir
- Asterix Gliaire
- Asterix i dTír na Sasanach
- Asterix i gcoill na Cinsealachta
- Asterix ar Pháirc an Chatha
- Asterix agus Cléópatra
- Asterix ag na Cluichí Oilimpeacha
- Asterix agus Troid na dTreabh
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Eleathanach, 16 Deireadh Fómhair 2017
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |