Joseph McCarthy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Joseph McCarthy
Joseph McCarthy.jpg
breitheamh

1939 - 1942
breitheamh

1945 - Bealtaine 2, 1957
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1947 - Eanáir 3, 1949
Robert M. La Follette
District: Wisconsin Class 1 senate seat (en) Aistrigh
Election: 1946 United States Senate election in Wisconsin (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1949 - Eanáir 3, 1951
District: Wisconsin Class 1 senate seat (en) Aistrigh
Election: 1946 United States Senate election in Wisconsin (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1951 - Eanáir 3, 1953
District: Wisconsin Class 1 senate seat (en) Aistrigh
Election: 1946 United States Senate election in Wisconsin (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1953 - Eanáir 3, 1955
District: Wisconsin Class 1 senate seat (en) Aistrigh
Election: 1952 United States Senate election in Wisconsin (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1955 - Eanáir 3, 1957
District: Wisconsin Class 1 senate seat (en) Aistrigh
Election: 1952 United States Senate election in Wisconsin (en) Aistrigh
Seanadóir na Stát Aontaithe

Eanáir 3, 1957 - Bealtaine 2, 1957 - William Proxmire
District: Wisconsin Class 1 senate seat (en) Aistrigh
Election: 1952 United States Senate election in Wisconsin (en) Aistrigh
Saol
Ainm iomlán Joseph Raymond McCarthy
Eolas breithe Grand Chute (en) Aistrigh, Samhain 14, 1908
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Teanga dhúchais An Béarla
Bás Bethesda (en) Aistrigh, Bealtaine 2, 1957
Áit adhlactha Wisconsin
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (ciorróis)
Muintir
Céile/Céilí Jean Kerr Minetti (en) Aistrigh
Oideachas
Alma mater Ollscoil Marquette
University of Wisconsin–Madison (en) Aistrigh
Marquette University Law School (en) Aistrigh 1935)
bunscoil
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, oifigeach míleata, breitheamh, dlíodóir, feirmeoir agus usher (en) Aistrigh
Áit oibre Washington, D.C.
Duais
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Cór Mara na Stát Aontaithe
Céim captaen
leifteanant
Throid sé/sí ag An Dara Cogadh Domhanda
Creideamh
Reiligiúin Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Páirtithe polaitíochta Páirtí Poblachtach
Páirtí Daonlathach
IMDb nm0565191
Joe Mccarthy Signature.svg
JosephMcCarthyMilitary.jpg

Breitheamh agus polaiteoir Meiriceánach a bhí in Joseph Raymond "Joe" McCarthy (14 Samhain 19082 Bealtaine 1957).

1954

Tá droch-cháil air anois as na hiarrachtaí a rinne sé, agus é ina Sheanadóir na Stát Aontaithe (Páirtí Poblachtach) ar son Wisconsin ó 1947 go dtí go bhfuair sé bás, chun daoine i rialtas na Stát Aontaithe a thabhairt chun solais a bhí, dar leis, ina spiairí nó ina gCumannaithe nó ina homaighnéasaigh.[1] Cé go raibh an-tóir air dá bharr sin ag pointe áirithe, thángthas go coitianta ar an tuairim gur thuathghríosóir mailíseach féinspéisíoch meargánta é, an méid sin go gciallaíonn "McCarthyism" líomhaintí gan bhunús maidir le treascairt nó mídhílseacht.

Dá bhrí sin, roimh tráth a bháis, chaill Mac Carthaigh beagnach an tionchar polaitiúil go léir a bhí aige.

Bronnadh bonn calmachta, an DFC, ar McCarthy sa bhliain 1952, más go mall féin é

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh McCarthy i Wisconsin ar 14 Samhain 1908. De shliocht Éireannach agus Caitliceach, tháinig a mháthair, Bridget Tierney, as Tiobraid Árann agus rugadh a athair, Timothy McCarthy, i SAM.

Bhronn an Scoil Dlí, Ollscoil Marquette LLB air sa bhliain 1935. Glaodh chun an Bharra air an bhliain dár gcionn.

"Senate Subcommittee on Investigations' McCarthy-Army hearings," 1954

Toghadh mar bhreitheamh de chuid na cúirte cuarda é sa bhliain 1939. Lean sé ar aghaidh mar sin go dtí gur coimisiúnaíodh é mar oifigeach i gCór Muirshaighdiúirí na Stáit Aontaithe tamall beag tar éis ionsaí na Seapáine ar Chuan an Phéarla.

Tar éis dó bheith den chuid is mó ina oifigeach faisnéise, d'éirigh sé as a choimisiún in Aibreán 1945 agus chuaigh sé ar ais chuig a phost mar bhreitheamh i Wisconsin.[1]

Polaiteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh McCarthy don Seanad sa bhliain 1946. Sna blianta 1949-50, b'fhéidir go raibh sé ag lorg topaic nó ceist éigin a chuideodh leis fáil isteach sa Seanad arís. Ar an 9 Feabhra 1950, thug sé óráid agus dúirt sé go raibh os cionn 200 Cumannach ag obair leis an rialtas. Cé nar chuir McCarthy tús leis an "Sceimhle Dhearg", ba é a bhí mar chúis don imeagla agus histéire mór a rith fríd Mheiriceá ag an am.

Bileog sna 1950idíː "McCarthyism"

Bhí McCarthy iontach maith ag caint agus ag cur eagla ar dhaoine. Rinne sé ionsaí ar dhaoine aonair agus ar ghrúpaí, ina measc, an státseirbhís, na hEaglaisí Protastúnacha, scríbhneoirí agus eolaíthe.

I mí Feabhra 1950, bunaíodh Coiste Tydings, chun scrúdú a dhéanamh ar dhaoine a measadh a bheith mídhílis do SAM. Rinneadh iniúchadh ar cóir a bheith 6 mhilliún duine ach ní raibh siad ábalta a thaispeáint go raibh aon duine a bhí ar liosta McCarthy ina spiaire. Chaill 500 duine a bpostanna, áfach, mar go raibh amhras orthu.

Rinne McCarthy ionsaí ar an tUachtarán Truman agus ar an Pháirtí Daonlathach, ag rá go raibh siad bog ar Chumannaigh. Fuair sé cuid mhór tacaíochta ó dhaoine sa Pháirtí Poblachtach nuair a bhí sé ag déanamh ionsaithe ar Truman.

1954ː Na Poblachtánaigh ar an stiúir[cuir in eagar | athraigh foinse]

sa National Portrait Gallery inniu

Toghadh Eisenhower mar Uachtarán i Samhain 1953. Ach lean McCarthy ar aghaidh ag déanamh ionsaithe. Níor thaitin na modhanna a bhí ag McCarthy le Eisenhower, ach bhí sé deacair air aon rud a dhéanamh fá dtaobh de. Ní raibh Eisenhower ag iarraidh go dtiocfadh scoilt sa Pháirtí Poblachtach mar gheall ar an cheist, agus is cosúil fosta go raibh rud beag eagla ar Eisenhower féin roimh McCarthy.

Ceapadh McCarthy ina chathaoirleach ar an Choiste um Oibríochtaí Rialtais. Rinne sé ionsaithe ar an Chúirt Uachtarach agus ar an Arm.

Meath agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh daoine ag éirí tuirseach de McCarthy sa bhliain 1954, nuair a chuir sé i leith saighdiúirí a fuair boinn crógachta go raibh siad báúil do na Cumannaigh.

I rith "éisteachtaí McCarthy", a cuireadh amach ar an teilifís, chonaic daoine go raibh sé ina bhulaí. Chaill daoine muinín ann. Rinne an Seanad imcháineadh ar McCarthy i mí Iúil 1954.

Fuair sé bás dhá bhliain ina dhiaidh sin, ar an 2 Bealtaine 1957, i Bethesda, Maryland agus é ocht mbliana is daichead d'aois. Trom ar an ól, tháinig ciorróis alcóil air, is cosúil.

Mar sméar mullaigh an chnuasaigh, bronnadh sochraid stáit ar McCarthy i ndiaidh a bháis.[2] Bhí 70 Seanadóir i láthair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Scoil Dlí, COBÁC (2019). "Joe McCarthy". Dáta rochtana: 2021.
  2. "Joseph McCarthy Photographs: The Funeral". web.archive.org (2012-02-05). Dáta rochtana: 2021-05-03.