Spiaireacht
Is éard is spiaireacht ann ná iarracht a dhéanamh faisnéis faoi rún a bhailiú, go háirithe faoi chúrsaí polaitíochta nó míleata.[1] Tugtar spiaire ar dhuine a dhéanann spiaireacht.[2] Is féidir le duine aonair nó grúpa spiairí atá ag obair le rialtas, cuideachta, nó eagraíocht choiriúil spiaireacht a dhéanamh. Is faoi rún a dhéantar í, toisc nach gcuirfeadh sprioc na spiaireachta fáilte roimpi, faoi mar a thuigfeá. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sí a bheith ina huirlis dhlíthiúil um fhorghníomhú an dlí, agus i gcásanna eile, d’fhéadfadh sí a bheith mídhleathach agus ina cion a ngabhann pionóis léi.
Go minic is cuid d’iarracht institiúideach de chuid rialtais nó gnó tráchtála í an spiaireacht. Mar sin féin, is gnách go mbaineann an téarma le spiaireacht stáit ar naimhde chun críocha míleata a bhaint amach. Tugtar spiaireacht thionsclaíoch ar spiaireacht a bhaineann le corparáidí.
Bealach amháin le sonraí agus faisnéis faoi spriocghrúpa a bhailiú ná sleamhnú isteach i mballraíocht an ghrúpa. Ansin, mar shampla, bheadh spiaire míleata in ann tuairisc a dhéanamh ar mhéid agus ar láidreacht fhórsaí an namhad. Nó, is féidir le spiaire easaontóirí a aimsiú laistigh den ghrúpa agus tionchar a imirt orthu chun tuilleadh faisnéise a sholáthar, nó chun an namhaid a thréigeadh.[3] In aimsir ghéarchéime, goideann spiairí an teicneolaíocht agus déanann siad sabaitéireacht ar an namhaid ar bhealaí éagsúla. Tá dlíthe dochta ag beagnach gach stát ceannasach maidir leis an spiaireacht, iad siúd a dhéanann spiaireacht i dtíortha eile ina measc, agus is minic a bhíonn na pionóis an-dian ar fad.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: spiaire” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-05-03.
- ↑ “Espionage”. MI5.
- ↑ Fischbacher-Smith, D., 2015. "The enemy has passed through the gate: Insider threats, the dark triad, and the challenges around security". Journal of Organizational Effectiveness: People and Performance, 2(2), pp. 134–156.