Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Séala

Is í Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (Béarla: Supreme Court of the United States) an chúirt is airde sna Stáit Aontaithe. Is cúirt achomhairc í an chúirt uachtarach.

Fealsúnacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

De réir bhunreacht na Stát Aontaithe tá scaradh iomlán idir an Feidhmeannas (An t-Uachtarán agus a chuid airí), an Reachtas (An Chomhdháil agus an Seanad), agus na breithiúna. Mar sin tá ról níos lárnaí ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe ná mar atá ag Cúirt Uachtarach na hÉireann de bharr gur tír fheidearálach í na Stáit Aontaithe agus gur ag an Chúirt atá an focal deiridh i roinnt na cumhachta idir na stáit éagsúla agus an rialtas feidearálach[1].

Ballraíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá an Chúirt Uachtarach comhdhéanta de Príomh-Bhreitheamh na Stát Aontaithe, chomh maith le hochtar breitheamh eile. Ainmníonn uachtarán na tíre na breithiúna. Deimhnítear iad tar éis "comhairle agus comhthoiliú" (vóta tromlaigh) an tSeanaid. Tá na breithiúna ceaptha don saol.

Bíonn ceapachán breithimh go mór i mbéal an phobail i dtólamh de bharr a thábhachtaí is atá an chúirt i saol polaitíochta agus sóisialta na tíre. Tá an nós ann i gcónaí go gceapfadh an t-uachtarán breithimh a mbeadh an fhealsúnacht chéanna acu is atá aige féin - liobrálach i gcás uachtaráin Dhaonlathaigh agus coimeádach i gcás uachtaráin Phoblachtaigh.

Conspóid[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ó aimsir Ronald Reagan i leith tugadh taobh na polaitíochta isteach i ngnóthaí na gcúirteanna. Ach tá an deighilt domhain i láthair na huaire agus bíonn troideanna fíochmhara i dtithe na Comhdhála le linn ceapacháin breithimh[2]..

Searmanais[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tugann an t-uachtarán aitheasc faoi staid na haontachta os comhair tithe Chomhdháil Mheiriceá agus breithiúna na Cúirte Uachtaraí ag deireadh mhí Eanáir gach bliain.

Cásanna[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • 29 Márta 1937. West Coast Hotel Co. v Parrish: Cheadaigh an chúirt an dlí um íosphá i stát Washington[3]. Bhí sé ceadaithe ag an rialtas, de thoradh an chinnidh sin, dlíthe a chur i bhfeidhm a chuirfeadh isteach ar choinníollacha pá (agus ar an mhargadh go ginearálta). Déanta na fírinne, thug sé seo cumhacht níos mó don rialtas feidearálach agus meastar nach mbeidís in ann an Bheart Nua (New Deal} de chuid Franklin D. Roosevelt a chur i gcrích i gceart murach na cumhachtaí nua seo[4].
  • 17 Bealtaine 1954. Brown v The Board of Education: Rialaigh an chúirt go raibh an dlí i gcuid de na stáit a chuir scoileanna poiblí ar leith ar fáil, do pháistí geala agus do pháistí gorma, ag teacht salach ar an bhunreacht. Réitigh an cinneadh seo an bealach don ghluaiseacht um chearta sibhialta a chuaigh chun cinn i ndeireadh na gcaogaidí agus sna seascaidí[5].
  • 5 Márta 1956. Frasier v. Board of Trustees of the University of North Carolina: sheas an Chúirt Uachtarach leis an gcosc ar leithlisiú ciniúil i scoileanna stáit, coláistí & ollscoileanna[6].
  • 22 Eanáir 1973. Roe v Wade: Chuir an chúirt deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh. Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná[7].
  • 2 Iúil 1976. Gregg v Georgia: Rialaigh an chúirt nach dtagann éiric an bháis salach ar bhunreacht na stát aontaithe. Ina dhiaidh seo, tháinig fás suntasach faoi líon na bpríosúnach a teilgeadh chun báis de bhéal snáithide, den chathaoir aibhléise nó ar bhealach eile[8].
  • 12 Nollaig 2000. Bush v. Gore[9]: Chuir an Chúirt Uachtarach deireadh le athchomhaireamh na vótaí in olltoghchán na bliana 2000. Meastar go mbunaíonn roinnt de na breithimh a gcuid cinneadh, ní ar a gcuid fealsúnachta dlí, ach go díreach ar an dearcadh polaitíochta atá acu.
  • 21 Eanáir 2010. Citizens United v Federal Electoral Commission: Bheartaigh an chúirt nach bhfuil sé dleathach aon srian a chur ar chaiteachas a dhéanfadh corparáid ar chraolta polaitiúla de bharr go dtiocfadh a leithéid de shrian a bheith salach ar Chéad Leasú an Bhunreachta[10]. Tugann an Chéad Leasú cosaint do chead cainte, agus de réir chinneadh na cúirte, is ionann corparáid agus duine chomh fada is a bhaineann sé le cead cainte. Meastar go bhfuil tábhacht an-mhór leis an chinneadh de bharr a thábhachtaí is atá caiteachas i dtoghcháin sna Stáit Aontaithe[11].

Eagraíocht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tagann an chúirt le chéile in Washington, D.C. ag 1 First Street.

Uaireanta úsáidtear an acrainm bhéarla "SCOTUS" le tagairt a dhéanamh di.

Naisc[athraigh | athraigh vicithéacs]

  • Láithreán gréasáin na Cúirte Uachtaraí, Stáit Aontaithe Mheiriceá .supremecourt.gov
  • Láithreáin Stáit Aontaithe Mheiriceá: Foinsí dlí Meiriceánacha ar líne ar lawsource.com (tiomsú de naisc de na foinsí ar líne ar fad maidir le dlí Meiriceánach atá ar fáil gan chostas)


Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]