Roe v. Wade
Sa chás Roe v Wade 410 U.S. 113 (1973), chuir Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe deireadh leis an chosc iomlán ar ghinmhilleadh. Rialaigh an chúirt go bhféadfadh dlí stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh tar éis don suth a bheith inmharthana, ach roimhe sin go mbíonn tosaíocht ag cearta príobháideachta na mná.[1] Tugadh an breithiúnas ar 22 Eanáir 1973.
2022ː ar neamhní[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 24 Meitheamh 2022, chuir an Cúirt Uachtarach deireadh leis an gceart ar ghinmhilleadh a fháil. Chuir an chúirt rialú an cháis idir Roe agus Wade i 1973 ar neamhní.[2]
Thug rialú na Cúirte Uachtaraí bua mór do Phoblachtaigh agus do chaomhaigh eile i Meiriceá a bhfuil cosc ar ghinmhilleadh á éileamh acu le fada.
Gnéithe de dhlí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ábhar, cás agus breithiúnas an-chonspóideach is ea Roe v Wade. Fiú sa lá atá inniu ann. Is iomaí dlíodóir a deireann nach bhfuil an breithiúnas sásúil agus is truacánta breithiúnas fiú a léamh, mar shampla an dlí-eolaí, John Hart Ely ina aiste cháiliúil The Wages of Crying Wolf: A Comment on Roe v. Wade sa bhliain 1973.[3]
Níos déanaí, mhínigh Breitheamh Ruth Bader Ginsburg ina haiste Some Thoughts on Autonomy and Equality in Relation to Roe v. Wade,[4] a foilsíodh i 1985, gur tháinig dlíthe cosúil leis an ochtú leasú a bhí againne in Éirinn idir 1982 -2018 salach ar chumas na mban ‘to stand in relation to man, society, and the state as an independent, self-sustaining, equal citizen’.[5]
Dar le Ginsburg, níor mhínigh an Chúirt Uachtarach ceist an ghinmhillte i gceart. Mhaígh an Chúirt i 1973 gur chóir go mbeadh cead ag bean deireadh a chur le toircheas dá dtabharfaí an chomhairle sin di nuair a bhí sí ag caint lena dochtúir go príobháideach. Más ea, d’eascair an ceart sin as an bpríobháideachas féin. Argóint fhíorlag ab ea í sin dar le Ginsburg agus chuir sí béim ar choincheap eile, sé sin an comhionannas.[5]
Dar léi, dá gcuirfeadh an stát féin pionós ar bhean a bhí ag déanamh iarracht ginmhilleadh a fháil di féin, ní bheadh an stát ag tabhairt cothrom na Féinne di toisc nár cuireadh bac nó pionós ar bith ar an bhfear a chruthaigh an féatas céanna.[5]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Ciarán Mac Aonghusa (2010). "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-06.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-06-24). "Ceart ar ghinmhilleadh sna Stáit Aontaithe curtha ar neamhní" (in ga).
- ↑ John Hart Ely, Yale Law Journal (1973). "The Wages of Crying Wolf: A Comment on Roe v. Wade". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Ruth Bader Ginsburg (1985). "Some Thoughts on Autonomy and Equality in Relation to Roe v. Wade". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 John-Paul McCarthy (2020). "Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-06.