Ruth Bader Ginsburg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ruth Bader Ginsburg
Ruth Bader Ginsburg 2016 portrait.jpg
Breitheamh de Chúirt Achomhairc na Stát Aontaithe don Ciorcad D.C.

Meitheamh 30, 1980 - Lúnasa 9, 1993
Harold Leventhal - David S. Tatel (en) Aistrigh
Comhbhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe

Lúnasa 10, 1993 - Meán Fómhair 18, 2020
Byron White - Amy Coney Barrett
Saol
Ainm iomlán Joan Ruth Bader
Eolas breithe Brooklyn, Márta 15, 1933
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneach na Giúdaigh
white Americans (en) Aistrigh
Bás Washington, D.C., Meán Fómhair 18, 2020
Áit adhlactha Reilig Náisiúnta Arlington
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (ailse phaincréis)
Muintir
Céile/Céilí Martin D. Ginsburg  (Meitheamh 23, 1954 -  Meitheamh 27, 2010)
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Cornell
Columbia Law School (en) Aistrigh
Scoil Dlí Harvard
James Madison High School (en) Aistrigh
Teangacha Béarla Meiriceánach
An Eabhrais
An tSualainnis
Múinteoirí Benjamin Kaplan
Gairm
Gairm breitheamh agus dlíodóir
Fostóirí Ollscoil Rutgers
Ollscoil Columbia
Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá
Duais
Daoine le tionchar air/uirthi Dorothy Kenyon
Ballraíocht Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Creideamh
Reiligiúin An Giúdachas
Páirtithe polaitíochta Páirtí Daonlathach
IMDb nm0046029
Ruth Bader Ginsburg signature.svg
1993

Breitheamh Mheiriceánach í Ruth Bader Ginsburg, a rugadh Joan Ruth Bader ar an 15 Márta 1933 i mBrooklyn, Nua-Eabhrac agus a fuair bás ar an 18 Meán Fómhair 2020. Bhí tionchar ollmhór aici ar dlí na Stát Aontaithe idir 1993-2020.[1]

1993

Abhcóide[cuir in eagar | athraigh foinse]

scigphictiúr

B’iomaí cás tábhachtach a bhí buaite ag Ginsburg mar abhcóide sna 1970idí. Saineolaí ab ea í ar ghéarleanúint oifigiúil ar bhonn inscne. Dhírigh sí ar dhlíthe éagsúla a rinne idirdhealú géar idir mná agus fir.

Bhí rath ar Ginsburg sna blianta tosaigh mar abhcóide, mar shampla sa chás Weinberger v. Wiesenfeld sa bhliain 1975 os comhair na Cúirte Uachtaraí. Dlíodóir cúramach ab ea Ginsburg a bhain úsáid as fir chun sáinn na mban a shoiléiriú i gceart nuair a bhíodh sí ag caint os comhair seanbhreithiúna fireanna na 1970idí.

Cuimhneachán

Breitheamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1980 a roghnaigh Jimmy Carter Bader Ginsburg mar bhreitheamh ar an gcúirt chuarda náisiúnta in Washington D.C. Breitheamh neamhghnách ab ea í toisc gur bhain sí clú agus cáil amach fiú sular ceapadh ina breitheamh sóisearach í.

Roghnaigh Bill Clinton Bader Ginsburg chun a bheith ina breitheamh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i 1993. (Ón mbliain 1962 ba shuíochán ‘Daonlathach’ an suíochán a bhí aici. Roghnaigh an tUachtarán Kennedy Byron ‘Whizzer’ White mar bhall den Chúirt Uachtarach i 1962, agus thug Clinton an suíochán do Ginsburg nuair a d’éirigh  White as i 1993).

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Bader Ginsburg bás de dheasca na hailse ar 18 Meán Fómhair 2020.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]



Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. John-Paul McCarthy (2020). "Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-02.