Comhionannas inscne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is ionann comhionannas inscne is cearta, freagrachtaí agus deiseanna comhionanna a bheith ag mná agus ag fir, ag buachaillí agus ag cailíní.[1] Ní hionann comhionannas go mbeadh mná agus fir mar an gcéanna, ach ciallaíonn sé NACH mbeidh cearta, freagrachtaí agus deiseanna na mban agus na bhfear ag brath ar cibé an fear nó bean iad.

Ciallaíonn sé sin cothroime rochtana ar acmhainní agus ar thairbhí agus cothroime rialaithe ina dtaobh, mar aon le cothroime rannpháirtíochta i gcinnteoireacht pholaitiúil agus comhionannas faoin dlí.[2] Ba cheart rochtain a bheith ag gach duine ar an gcúram sláinte céanna, ar an oideachas céanna agus ar na poist chéanna.[3]

Forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur saincheist dhomhanda é neamhionannas inscne, is measa fós é i gcás bochtaineachta. Is príomhthoisc é freisin maidir le marthanacht bochtaineachta.

Nuair nach mbíonn cothroime rochtana ag mná ná ag fir ar acmhainní nó ar chomhdheiseanna chun páirt a ghlacadh i gcinnteoireacht, bíonn costais eacnamaíocha agus sóisialta dhíreacha ann. Cuireann sé sin isteach ar mhná ach bíonn iarmhairtí ann freisin dá leanaí, dá bpobail agus dá dtíortha.[2]

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Dheireadh Fómhair 2022, d’fhoilsigh I Wish,[4] eagraíocht for-rochtana oideachais ETIM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus mata) na hÉireann torthaí a taighde.[5] Fuarthas amach go bhfuil athrú le déanaí ar dhearcadh cailíní sna déaga i leith gairm bheatha a bheith acu in ábhair ETIM agus ochtó a ceathair faoin gcéad de chailíní sna déaga ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi ETIM, i gcomparáid le caoga a trí faoin gcéad sa bhliain dhá mhíle is a sé. Léirigh an suirbhé freisin go bhfuil an dearcadh seo ag éirí níos dearfaí in ainneoin torthaí níos imníche.[6]

Tanja Kreil

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Inscne, Éagsúlacht, Comhionannas" (en). www.military.ie. Dáta rochtana: 2022-10-16.
  2. 2.0 2.1 Cúnamh Éireann. "Cúrsaí Comhionannais Inscne - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2022-10-16.
  3. Cúnamh Éireann. "ourworldirishaidawards.ie". Dáta rochtana: 2022.
  4. "iWish" (en-US). Dáta rochtana: 2022-10-16.
  5. iwish.ie (2022). "2022 survey". Dáta rochtana: 2022.
  6. Conradh na Gaeilge Londain (15 DF 2022). "‎Nuacht Mhall: 15 Deireadh Fómhair 2022 (Luimneach) on Apple Podcasts" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2022-10-16.
  7. "Tanja Kreil v Bundesrepublik Deutschland" (as en) (11 January 2000) (Case C-285/98).