Tanja Kreil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaTanja Kreil

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1977
46/47 bliana d'aois
Hannover, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmleictreoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis

Innealtóir leictreonach is ea Tanja Kreil (a rugadh sa bhliain 1977). In 1996 chuir sí isteach ar phost mar innealtóir san arm Gearmánach. Ach bean a bhí inti agus tugadh an chluas bhodhar di. Ní raibh sa Bundeswehr ag an am ach mná sna seirbhísí sláinte agus cúpla ceoltóir (ina theannta sin, bhí an coinscríobh i bhfeidhm do na fir go dtí 2011).

Ar 11 Eanáir 2000, dhearbhaigh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach go raibh an reachtaíocht Ghearmánach contrártha do dhlí an Chomhphobail ar chomhionannas inscne.[1]  Tugadh “Rialú Kreil” ar an rialú cúirte. Thug an chúirt breithiúnas cinniúnach ar son chearta na mban.

Ligeadh isteach cúpla bean san arm don chéad uair sa bhliain 2001. Ritheadh reachtaíocht in 2005. Ach fuair Kreil post eile le comhlacht príobháideach idir an dá linn.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tanja Kreil v Bundesrepublik Deutschland" (as en) (11 January 2000) (Case C-285/98).