Jump to content

Gnéasachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An tsufragéid Éireannach Hanna Sheehy Skeffington

Is éard atá i gceist le gnéasachas ná gníomhaíochtaí nó dearcthaí a dhéanann idirdhealú i gcoinne daoine bunaithe ar a n-inscne amháin, nó réamhchlaonadh nó leithcheal bunaithe ar ghnéas an duine nó inscne an duine.[1]

Is féidir le gnéasachas cur isteach ar éinne. Ach téann sé i bhfeidhm ar mhná agus ar chailíní go háirithe.

Tá gnéasachas nasctha leis an gcumhacht sa mhéid is go gcaitear leis na daoine sin a bhfuil cumhacht acu go ginearálta le fabhar agus go ndéantar idirdhealú de ghnáth i gcoinne na ndaoine sin gan chumhacht.

An Chuntaois Constance  Markiewicz faoi shainéide an tsaighdiúra

Steiréitíopa inscne

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is éard atá i gceist le steiréitíopa inscne ná réamhthuairimí lena dtugtar go treallach saintréithe agus róil do mhná agus d’fhir arna sainmhíniú agus arna dteorannú de réir a n-inscne.[2]

Aimsíodh go bhfuil nasc ann idir steiréitíopaí agus róil inscne.[3][4] Baineann gnéasachas le steiréitíopaí ós rud é go bhfuil gníomhartha nó dearcthaí idirdhealaitheacha bunaithe go minic ar thuairimí bréagacha nó ar ghinearálú ginearálta maidir le inscne, agus ar an tuairim go bhfuil inscne ábhartha áit nach bhfuil, nó go bhfuil inscne nó gnéas ar leith níos fearr ná an ceann eile. 

bean ag tiomáint, Beauty Parade, Márta 1952 le Bettie Page[5]
2015 Wikimania - Content Gender Gap - how to improve the coverage of women on Wikipedia

Féadann steiréitíopáil ar bhonn inscne teorainn a chur le forbairt na mbuanna agus na gcumas nádúrtha a bhaineann le cailíní agus buachaillí, mná agus fir, chomh maith lena n-eispéiris oideachais agus ghairmiúla agus a ndeiseanna saoil i gcoitinne.

Bíonn steiréitíopaí faoi mhná mar thoradh ar, agus faoi deara, dearcadh, luachanna, noirm agus laofachtaí seanbhunaithe i gcoinne na mban. Úsáidtear iad chun caidreamh stairiúil chumhacht na bhfear thar mhná a chosaint agus a chothabháil chomh maith le dearcthaí gnéasacha a chuireann in aghaidh dhul chun cinn na mban.

Fásann an fhéiniúlacht inscne agus iompair ionainn de réir mar a théimid in aois, agus bíonn tionchar mór ag an gcultúr orainn, ag an timpeallacht, ag mores na sochaí agus ar an iompar is oiriúnaí d’fhir nó do mhná, dar le daoine eile.[6]

Tagann athrú ar an tuiscint a bhíonn ag daoine maidir le hinscne ag brath ar an gcultúr, athraíonn sé ó am go ham. An rud is dual d’fhir nó do mhná i gcultúr amháin, seans nach nglacfaí leis i gcultúr eile

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (2021-11-03). "Gnéasachas / sexism" (ga). European Institute for Gender Equality. Dáta rochtana: 2021-11-03.
  2. An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (2021-11-03). "Steiréitíopa inscne / gender stereotypes" (ga). European Institute for Gender Equality. Dáta rochtana: 2021-11-03.
  3. Matsumoto, David (2001). The Handbook of Culture and Psychology. Oxford University Press. p. 197.
  4. Nakdimen, K. A. (1984). "The Physiognomic Basis of Sexual Stereotyping". American Journal of Psychiatry. 141 (4): 499–503
  5. Beauty Parade, Márta 1952 le Bettie Page (1952). "bean ag tiomáint". blogger.com. Dáta rochtana: 2021-11-03.
  6. developmenteducation.ie. "Cumhachtú na mBan i SiarraLeon". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-11-03. Dáta rochtana: 2021.