Hanna Sheehy-Skeffington
Ba shufraigéid agus náisiúnach Éireannach í Johanna Mary "Hanna" Sheehy Skeffington (née Johanna Mary Sheehy) (24 Bealtaine 1877 – 20 Aibreán 1946). Bhunaigh sí (in éineacht lena fear céile Francis Sheehy-Sceimhealtún, Margaret Cousins agus James Cousins) Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná in 1908.[1] Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí an Ceardchumann fir1 Oibrithe Ban na hÉireann chomh maith. Ba pholaiteoir agus Seanadóir é a mac, Owen Sheehy-Skeffington.
Phós a deirfiúr Máire an scríbhneoir agus polaiteoir Thomas Kettle. Phós deirfiúr eile, Kathleen, Frank Cruise O'Brien, agus ba é Conchúr Crús Ó Briain a mac.[2] Phós an ceathrú deirfiúr, Margaret, an t-aturnae John Culhane, agus ina dhiaidh sin an file Michael Casey. D'oibrigh an bheirt dheartháireacha aici mar dlíodóirí.
Laethanta a hÓige
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Hanna i gCeann Toirc, Contae Chorcaí, Éire, an iníon is sine ag Elizabeth "Bessie" McCoy agus David Sheehy. Bhí Sheehy ina iar-Fhínín agus MP le Páirtí Parlaiminteach na hÉireann ar son deisceart na Gaillimhe. Tógadh Hanna ar mhuileann nuair a bhí sí an-óg, áit ar thógadh a hathair freisin.
Nuair a bhí Hanna trí bliana d'aois bhog a teaghlach go dtí Luachma, Contae Thiobraid Árann.[3] Bhí seisear siblín ag Hanna, fuair duine acu bás ar aois anaithnid agus níl mórán scríofa faoin leanbh sin.
Seo iad a siblíní: Margaret, a rugadh in 1875; Eugene, a rugadh in 1882; Richard, a rugadh in 1884; Mary, a rugadh in 1884; agus Kathleen, a rugadh in 1886. Cuirtear 'the Land League Priest' ar a huncail, an tAthair Eugene Sheehy, agus cuirtear i bpríosún é mar gheall ar a chuid gníomhaíochtaí. D'oibrigh sé mar mhúinteoir Éamon de Valera i Luimneach chomh maith.
Nuair a fuair athair Hanna post mar MP in 1887, bhog an teaghlach go dtí Bruach an Chuilinn, Droim Conrach, Baile Átha Cliath. Bhí an teaghlach ina gcónaí béal dorais le T.D Sullivan, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath agus an file a chum "God Save Ireland".
Chuaigh Hanna go dtí an Ghearmáin ar feadh tréimhse bheag nuair a bhí sí ocht mbliana déag d'aois chun cóir leighis a fháil le haghaidh eitinne.[3]
Tar éis a céim a bhaint amach ó Ollscoil Ríoga na hÉireann, d'oibrigh Hanna i bPáras mar au pair ar feadh tamaill, agus d'fhill sí ar Éirinn sa bhliain 190.[3] agus phós sí Francis Skeffington i 1903.[4]
Gníomhaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba bhall í Hanna Sheehy Skeffington de theaghlach a bhí an-phoblachtach ar fad.[5] Bhí tionchar uirthi ó Séamus Ó Conghaile agus le linn frithdhúnadh 1913, d'oibrigh sí le sufraigéidí eile i Halla na Saoirse, ag soláthar bia do theaghlaigh na stailceoirí.[6]
Throid Sheehy Skeffington go tréan chun cearta vótála mná a fháil in Éirinn; bhunaigh sí an IWFL sa bhliain 1908 agus bhunaigh sí an foilseachán "The Irish Citizen" lena fear céile freisin.[5] Bhí an nasc poblachtach láidir a bhí aici le feiceáil arís nuair a chabhraigh sí le linn Éirí Amach na Cásca, ag seachadadh teachtaireachtaí agus bia go dtí Ard-Oifig an Phoist.
Bhí Sheehy Skeffington i gcoinne go láidir ar rannpháirtíocht sa Chéad Chogadh Domhanda a thosaigh i mí Lúnasa 1914. Chuir rialtas na Breataine cosc uirthi freastal ar Chomhdháil Idirnáisiúnta na mBan ar siúl sa Háig i mí Aibreáin 1915. Mí Meitheamh ina dhiaidh sin, cuireadh a fear céile i bpríosún le haghaidh gníomhaíochtaí frith-earcú.[6]
An bhliain dár gcionn, dúnmharaíodh a fear céile le linn Éirí Amach na Cásca, tar éis a bheith gafa ag saighdiúirí na Breataine. Níor ghlac sé aon pháirt san éirí amach áfach..[7] Ní raibh fios aici go raibh sé caillte go dtí dhá lá ina dhiaidh sin. Dhiúltaigh Sheehy Skeffington an cúiteamh le haghaidh bás a fear céile.[5]
Thug Sheehy Skeffington a tacaíocht do Sinn féin.[5] I mí na Nollag 1916 chuaigh sí go dtí na Stáit Aontaithe chun labhairt ar an troid ar son saoirse na hÉireann agus chun feasacht a ardú ar son Sinn féin. D'fhreastail sí ar 250 cruinnithe ansin.[5]
Nuair a fhill Sheehy Skeffington ar ais sa bhliain 1917, thosaigh sí ag obair mar fheidhmiúchán Sinn Féin. I mí Deireadh Fómhair 1917 ba í an t-aon ionadaí Éireannach le haghaidh an League for Small and Subject Nationalities, áit a raibh sí cúisithe mar chomhbhrónaí an Ghearmáin, chomh maith le roinnt rannpháirtithe eile.[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Boylan, Henry (1998). "A Dictionary of Irish Biography, 3rd Edition". Dublin: Gill and MacMillan.
- ↑ Ellmann, Richard (1982). "James Joyce, 1st Revised Edition": 51–53 et passim. Oxford: Oxford University Press.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Ward, Margaret (1997). "Hanna Sheehy-Skeffington: A Life". Cork University Press.
- ↑ "Frank & Hanna – Sheehy Skeffington School" (en-US). Dáta rochtana: 2020-04-24.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Watkins, Sarah-beth.. "Irelands suffragettes - the women who fought for the vote.". OCLC 1023177652.
- ↑ 6.0 6.1 Luddy, Maria.; Historical Association of Ireland. (1995). "Hanna Sheehy Skeffington". Dublin: Published for the Historical Association of Ireland by Dundalgan Press. OCLC 35110401.
- ↑ "UCD - DEICH MBLIANA - Decade Of Centenaries" (en). Scribd. Dáta rochtana: 2020-04-24.
- ↑ "QUIT CONVENTION FOR SMALL NATIONS; Accusing League of Favoring Germany, Representatives Withdraw Names. MEETINGS OPEN TODAY Commissioner of Immigration Howe Will Preside, However, and Denies Any Wish to Censor Speeches." (en-US). The New York Times (1917-10-29). Dáta rochtana: 2019-05-15.