Tom Kettle

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Kettle le linn a óige, 1895?

Ba náisiúnaí, feisire, abhcóide, file agus scríbhneoir Éireannach é Thomas Michael "Tom" Kettle (9 Feabhra 18809 Meán Fómhair 1916). Bhí sé gníomhach sa ghluaiseacht a bhí ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn. Ba chara é le James Joyce, Oliver St. John Gogarty, Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún, Seoirse Mac Fhlannchaidh[1], agus athair Conor Cruise O'Brien[2].

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Kettle go dtí Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i 1897. Bhí sé ina Reachtaire ar an gCumann Litríochta agus Staire le haghaidh an seisiúin 1898-99. Ghnóthaigh sé céim B.A. i 1902.

In éineacht le William Dawson agus Art Ó Cléirigh, bhí Kettle ina chomheagarthóir ar an Nationist (1904-1905).

Kettle ina abhcóide, 1905

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Kettle a shaol gearr ag iarraidh Rialtas Dúchais a bhaint amach in Éirinn. Bhí Kettle ina fheisire (Páirtí Parlaiminteach na hÉireann) do Thír Eoghain Thoir ó 1906 go dtí 1910.

Bhí Kettle ina chéad Ollamh le h"Eacnamaíocht Náisiúnta" i UCD[3]. In éineacht leis an Ollamh le Dlí Bunreachtúil, J.G. Swift McNeill MP, chuidigh Kettle go mór leis na mic léinn de chuid UCD a bhunaigh an Cumann Dlí agus Eacnamaíochta i mí Feabhra 1911, den chuid is mó mar fhóram chun plé a dhéanamh ar na ceisteanna beartais agus riaracháin a chuirfeadh teacht isteach an Rialtais Dúchais in Éirinn ar ball beag, mar a ceapadh ansin.

Le linn Fhrithdhúnadh 1913, bhunaigh Kettle Coiste Síochána. Ag cruinniú i dTeach an Ard-Mhéara ar an 7 Deireadh Fómhair 1913, bhunaigh Kettle an Industrial Peace Committee agus é d’aidhm leis deireadh a chur leis an bhFrithdhúnadh. Chuir Kettle ceist orthu sin atá i láthair ag an gcruinniú:

“Does anyone think that hatred and uncharitableness are foundations on which we can build a great city... We cannot live an eternity in a state of war.”

An leabhar, "For remembrance, soldier poets who have fallen in the war", Adcock, 1920

Ní fada a mhaireann an coiste. I mí na Samhna, áfach, bhunaigh cuid de na baill an Civic League, eagraíocht a d'imir ról tábhachtach níos déanaí i mbunú Arm Shaoránaigh Éireann, nó Arm Cathartha na hÉireann.

File[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla lá roimh a bhás, ar 4ú Meán Fómhair, scríobh Kettle soinéad dá iníon:

“Died not for flag, nor King, nor Emporor

But for a dream, born in a herdsman’s shed

and for the secret Scripture of the poor.”

Cogadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Kettle ag súil go gcothófaí cairdeas a thrasnódh difríochtaí stairiúla trína bheith ag fónamh taobh le taobh in aghaidh an namhad céanna, Impireacht na Gearmáine. Scríobh sé[4]:

“Ag breathnú ar an tragóid seo san Eoraip leis an ngaois a thagann le deora agus fuil, is maith a d’fhéadfadh sí, go deimhin caithfidh sí, a bheith ina tús le dhá athmhuintearas atá ina aisling ag gach aon státaire, athmhuintearas Ulaidh Protastúnach le hÉirinn agus athmhuintearas na hÉireann leis an mBreatain Mhór.”

Dreapann saighdiúirí Briotanacha agus Éireannacha amach as a ndíog le linn Chath Ginchy (grianghraf ag Brooks Ernest, as na bailiúcháin ag an Imperial War Museum, Q1302

,

Ag an am céanna, cheap Kettle go raibh sé ag troid ar son shaoirse na hÉireann (féinrialtas), is cosúil.

Níor ghlac Kettle páirt in Éirí Amach 1916. Bhí Kettle ar saoire thinnis i mBaile Átha Cliath le linn an tsamhraidh 1916.

D'fhill Kettle go dtí an Fhrainc. Bhí roinnt iarratas déanta ag Kettle cead a fháil cúram a dhéanamh sa líne tosaigh sular ghéill údaráis an Airm dá iarratas ar deireadh.

Mhair Cath an Somme ar feadh an tsamhraidh 1916 agus is beag dul chun cinn a rinneadh. Chuaigh Kettle chun catha i gceannas ar chompántas B, 9ú Cathláin, Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath. Bhí sé ina Leifteanant.

Thóg na Fiúsailéirí Guillemont ar an 2ú Meán Fómhair agus Ginchy ar an 9ú Meán Fómhair.

Halla Westminster, Teach na dTeachtaí, Londain

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maraíodh Kettle ar 9ú Meán Fómhair 1916, le linn chath an Somme, tar éis dó a chomplacht a stiúradh in ionsaí ar ionaid Ghearmánacha in Ginchy.

Níor aimsíodh a chorp riamh. Mhair a bhean Mary agus a iníon Elisabeth ina dhiaidh.

Dúirt Oliver St John Gogarty go raibh “many eyes wet with tears in Dublin when they heard of Tom’s death.”

Tá tuairimí Robert Lynd faoi Kettle le léamh in aiste in The Irish Book Lover,

2007, Cumann Litríochta agus Staire, UCD

‘He is a freeman, born of her [Ireland’s] soul as well as her scenery, a prophet of that tumult and welter of creative ideas characteristic of the present life of our nation’[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. http://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=30
  2. CENTURY IRELAND: Beatha agus Bás Tom Kettle http://www.rte.ie/centuryireland/watch/the-life-and-deathof-tom-kettle
  3. UCD School of Law
  4. Roinn an Taoisigh
  5. ainm.ie, The Irish Book Lover, Iml. XI, uimhir 6/7, Eanáir/Feabhra 1920