Oliver St. John Gogarty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Oliver St. John Gogarty
Orpen OSJGogarty.jpg
Dáta breithe 17 Lúnasa, 1878
  Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis 22 Meán Fómhair, 1957
  Nua-Eabhrac, SAM
Náisiúntacht Éireannach
Gairm Máinlia, scríbhneoir, lúthchleasaí, polaiteoir
Seánra Véarsaíocht ghrinn, cuimhní cinn

Ba scríbhneoir, deachainteoir, lúthchleasaí agus fiú máinlia Éireannach é Oliver St. John Gogarty (Oiliféir Mag Fhógartaigh i nGaeilge; rugadh 17 Lúnasa 1878 agus d'éag 22 Meán Fómhair 1957). Bhí sé lán d'aer an tsaoil agus  is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

a chlinic, 1915-1917

Rugadh i gCearnóg Parnell i mBaile Átha Cliath é. Agus é ina mhacléinn leighis, chrom sé ar ag cumadh dánta agus amhráin grinn a thuil clú éigean dó.

Bhí meas nach beag ag W.B. Yeats ar a chuid filíochta agus chuir sé neart dá dánta i gcló ins an Oxford Book of English Verse.

1922

Ba mháinlia chluais deaslámhach é agus cáil air dá réir. Tar éis bunadh an Saorstát, rinneadh seanadóir de sa bhliain 1922. x

Oíche amháin rinne buíonn fhearaibh é a fhuadach. De réir dealramh rún acu é a mharú ar bhruach na Life. Lena aclaíocht agus neart, bhris sé saor agus isteach leis sa sruth ag snámh leis chun sabháltacht. Gheall sé go mbronnadh sé péire eala ar abhainn na Life, i mbuíochas don abhainn. Rinneadh amhlaidh agus rinne sé comóradh ar an eachtra seo ina dhán An Offering of Swans, 1923.

Bhain Gogarty bonn bonn óir ag na Cluichí Tailteann[1] sa bhliain 1924 dá leabhar An Offering of Swans.

Scríbhneoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí meas nach beag ag W.B. Yeats ar a chuid filíochta agus chuir sé neart dá dánta i gcló ins an Oxford Book of English Verse. Bunaíodh an caractéir Buck Milligan in Ulysses air agus bhí aighneas idir é féin agus James Joyce fán léiriú bréagach dár le Gogarty a dtugadh air.

Cheannaigh sé teach mór i Rinn Mhaoile, Co. na Gaillimhe, áit ar chaith sé neart ama agus ar thug roinnt mhaith daoine mór le rá cuairt air.

Bhí carr aige fán am sin, rud thar a bheith annamh agus cáil air mar gheall ar luas a thaistil.

Teach tábhairne, Oliver St. John Gogarty Pub, i mBÁ¢ inniu

Imirce[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis sin is uile, d'fhág sé Éirinn (agus a bhean) sa bhliain 1939. Chuir sé faoi, faoi dheireadh, i Nua-Eabhrac. D'éirigh sé ina scríbhneoir lán-aimseartha ann.

Tháinig galar croí air i Nua-Eabhrac, agus fuair sé bás ann sa bhliain 1957.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Offering of Swans (1923)
  • Wild Apples (1928)
  • As I Was Going down Sackville Street (1937)
  • Others to Adorn (1938)
  • I Follow St Patrick (1938)
  • Intimations (1950)
  • It Isn't This Time of Year at All! (1954)
  • Tumbling in the Hay
  • Collected Poems (1954)
  • A Week End in the Middle of the Week (1958)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Tailteann Games (Irish Free State)" (in en) (2019-06-11). Wikipedia.