Cearta vótála do mhná

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léig na hÉireann um Cheart Vótála do Mhná, 1918

Cuireadh tús le gluaiseacht na gceart vótála do mhná san Eoraip agus sa Mheiriceá sa 19ú haois. Tugadh cearta vótála do mhná (Béarlaː Women's suffrage) i bhfad níos déanaí, idir an Chéad agus an Dara Cogadh Domhanda go minic, ach ní bhfuair mná san Eilvéis cearta iomlán ach sa bhliain 1990.[1]

Agóid sna Stáit Aontaithe, 1913

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ról i bhfad níos teoranta ag mná i dtús an 20ú haois ná mar atá acu sa lá atá inniu ann. Ghlac formhór na ndaoine leis, an t-am sin, gur bhain mná agus fir le réimsí éagsúla den saol.[2]

Ní bhítí ag súil go mbeadh mná meánaicmeacha ná mná uasaicmeacha ag obair. Shíl go leor daoine gur cheart dóibh fanacht sa bhaile agus cúraimí an tí a ghlacadh orthu féin.

Is é an pósadh a bhí i ndán dóibh. Ba mhinic iad ag brath ar a n-athair nó ar a bhfear céile ó thaobh airgid de. Is iad na fir a reáchtáil an tír. Ní rabhthas ag súil go mbeadh baint ag mná leis an saol polaitiúil.[2]

An Bhreatain agus Éire[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh tús le gluaiseacht na gceart vótála do mhná sa Bhreatain sa 19ú haois. Na sufragóirí a tugadh ar na daoine a bhí sa ghluaiseacht sin. Ní raibh cead ag mná a bheith ina bhfeisirí parlaiminte an tráth úd, áfach, ná ní raibh cead acu vóta a chaitheamh i dtoghcháin pharlaiminte. Fir amháin a bhí ina bhfeisirí parlaiminte agus fir amháin a chaith vótaí sna toghcháin pharlaiminte.

I dtús an 20ú haois, áfach, d’éirigh an ghluaiseacht níos radacaí. Shocraigh grúpa ban go mbeadh sé níos éifeachtaí modhanna míleateacha a úsáid chun an vóta a bhaint amach. Na sufraigéidí a tugadh ar an ngrúpa sin. Bhí Emmeline Pankhurst ina ceannaire orthu agus d’iarr sí ar mhná ‘gníomhartha seachas focail’ a úsáid chun cearta vótála a bhaint amach. Chuir na sufraigéidí isteach ar chruinnithe polaitiúla, agus reáchtáil siad léirsithe agus máirseálacha ollmhóra. Gabhadh a lán ban agus cuireadh i bpríosún iad agus chuaigh siad ar stailceanna ocrais go minic nuair a bhí siad sa phríosún. Phléasc na sufraigéidí buama i Lios na gCearrbhach fiú, sa bhliain 1914,[3]

Ach.le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, tháinig athrú ar an dearcadh i leith na mban B’éigean do na mná obair na bhfear a ghlacadh chucu féin chun go mbeadh gnáthchórais na tíre ábalta feidhmiú mar is ceart. D’oibrigh go leor ban mar shiúinéirí, mar mheicneoirí, mar mhná poist, mar phóilíní agus mar sin de. Chuidigh sin go mór leis an dearcadh i leith na mban a athrú sa Bhreatain agus in Éirinn.

Chomh maith leis sin tháinig David Lloyd George i gcomharbacht ar Asquith mar phríomh-aire sa bhliain 1916. Bhí Lloyd George i bhfách leis an vóta a thabhairt do mhná.

1918[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh dlí den Acht um Ionadaíocht an Phobail (Representation of the People Act) ar an 6 Feabhra 1918. Thug sé sin cearta vótála do

  • mná a bhí os cionn 30 bliain d’aois a raibh céim ollscoile acu, nó
  • mná a bhí os cionn 30 bliain d’aois a raibh méid áirithe maoine acu

Ba mhór an difríocht fós, áfach, idir na cearta vótála a bhí ag fir agus ag mná.

I mí na Samhna 1918. ritheadh an tAcht Parlaiminte (Cáiliú na mBan), is é sin an Parliament (Qualification of Women) Act. Thug an tAcht sin cead do gach bean a bhí os cionn 21 bliain d’aois seasamh sna toghcháin pharlaiminte. Mar sin, cé go gcaithfeadh bean a bheith os cionn 30 bliain d’aois chun vóta a chaitheamh, agus coinníollacha áirithe á sásamh aici, d’fhéadfadh bean ar bith a bhí os cionn 21 bliain d’aois a bheith ina feisire parlaiminte.[2]

Saorstát Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1922, thug Bunreacht an tSaorstáit na cearta vótála céanna do gach saoránach, fear nó bean, a raibh 21 bliain d’aois slánaithe aige nó aici. Bhí ar na mná i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain fanacht 6 bliana eile go dtí go bhfuair siadsan na cearta céanna in 1928.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Women's suffrage in Switzerland" (as en) (2023-01-21). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Foras na Gaeilge. "Cearta Vótála do Mhná". Dáta rochtana: 2023.
  3. lisburnmuseum.com (2014-11-12). "Mrs Metge and the Bombing of Lisburn Cathedral | Lisburn Museum" (en-GB). Irish Linen Centre & Lisburn Museum. Dáta rochtana: 2023-03-11.