Jump to content

Sufraigéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
timpeall 1910

Ba mhná iad na sufraigéidí sa 19ú agus 20ú haois a thacaigh an ceart do mhná chun vótáil i dtoghcháin.

Mrs Lilian Metge, Irish Linen Centre, Lisburn Museum

Gníomhaíochas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhailigh an ghluaiseacht in Éirinn mná as gach aicme, tráth a raibh éiginnteacht agus corraíl ar fud na hÉireann. D’aontaigh an ghluaiseacht mná (ar bhealach), bíodh siad Caitliceach, Protastúnach, Náisiúnach nó Aontachtach, Poblachtánach nó Dílseach. I measc na mná in Éirinn, bhí Hanna Sheehy Skeffington, Margaret Cousins, Elizabeth Bell, Winifred Carney, Margaret Mc Coubrey, agus Dorothy Evans.[1]

Londain

Bhí gluaiseacht cead vótála mór i dTuaisceart Éireann agus reáchtáil siad feachtas míleata.[2] Mar shampla, ar an chéad lá de Lúnasa 1914, rinne scata sufraigéidí faoi cheannasaíocht Mrs Lilian Metge iarracht Ardeaglais Lios na gCearrbhach a phléascadh.[1]

Cuireadh stop leis an bhfeachtas ar 4 Lúnasa 1914 nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach.

Ar an 6 Feabhra 1918 sa Ríocht Aontaithe, ritheadh an tAcht um Ionadaíocht an Phobail[3]. Tugadh mar sin an vóta do mhná sa Bhreatain agus in Éirinn don chéad uair. Ach ní mór dóibh coinníollacha áirithe a shásamh ..,níos sine ná 30 bliain d’aois, agus sealúchas acu, nó níos minice, maoin ag a bhfear céile.

B’éigean do mhná in Éirinn fanacht le neamhspleáchas na tíre le cead iomlán vóta a bhaint amach i 1922 ach ó shin i leith.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Tá a scéalta á n-inse sa dráma Shrieking Sisters.[4][5]
  1. 1.0 1.1 Robert McMillen (2014). "Mná agus Cead na Vótála" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-08-01.
  2. sluggerotoole.com. "Alternative Ulster – five women who shaped Northern Ireland…" (en-GB). Slugger O'Toole. Dáta rochtana: 2021-08-01.
  3. "Representation of the People Act 1918" (as en) (2019-01-31). Wikipedia. 
  4. Andrea Rea (2014-03-10). "Shrieking Sisters" (en). Culture Northern Ireland. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-01. Dáta rochtana: 2021-08-01.
  5. dráma scríofa ag Carol Moore agus Maggie Cronin. "Shrieking Sisters" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2021-08-01.