Jump to content

Ard-Oifig an Phoist

Ard-Oifig an Phoist
Radharc oíche
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá den taobh istigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Ard-Oifig an Phoist Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálOifig an phoist agus struchtúr ailtireachta Cuir in eagar ar Wikidata
AiltireFrancis Johnston Cuir in eagar ar Wikidata
Foirgníocht6 Eanáir 1814 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na hoscailte oifigiúla6 Eanáir 1818 Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Éirí Amach na Cásca
Tréith
Stíl ailtireachtaGreek Revival architecture (en) Aistrigh
Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSráid Uí Chonaill
Map
 53° 20′ 58″ N, 6° 15′ 40″ O / 53.349334°N,6.261075°W / 53.349334; -6.261075
CodannaGPO Arcade (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
ÚinéirAn Post Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath suite ar Shráid Sheamlas an Éisc ó 1689 ar dtús, ní ba déanaí i bhfoirgneamh beag in aice leis na Foirgintí Tráchtála ó 1755 ar aghaidh, agus haistríodh í go dtí áras níos mó os comhair Fhaiche an Cholaíste.

Ar an séú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1818, hosclaíodh Oifig nua an Phoist i Sráid Sackville, ar a dtugtar Sráid Uí Chonaill inniu. Ar na saolta seo, tá Ard-Oifig an Phoist ag obair mar cheanncheathrú do An Post, a sholáthraíonn seirbhísí postais do Phoblacht na hÉireann ar fad.

Colún Nelson agus an póirseáid GPO, sráid Sackville, léaráid a rinne George Petrie sa bhliain 1830
Gardaí Síochána nua ag máirseáil i bparáid thart le hArd-Oifig an Phoist, Tóstal na bliana 1954

Chuir Charles Whitworth an bhunchloch leis an bhfoirgneamh ar an 12ú lá de Mhí Lúnasa sa bhliain 1814, agus críochnaíodh an obair i ndiaidh oibreacha trí bliana. Chosain an foirgneamh leathchéad míle punt, an foirgneamh Seoirseach poiblí deireanach a tógadh i mBaile Átha Cliath. B'é an t-ailtire Francis Johnson a rinne an dearadh.

Tá an foirgneamh maisithe le trí dhealbh le John Smyth. Tá teachtaire na ndéithe Rómhánacha, Mearcair, ina sheasamh ar an taobh deas, agus é ag iompar maide an dá nathair (Caduceus) arb é a shuaitheantas é, chomh maith le sparán. Ar an taobh clé, seasann an Dílseacht (Fidelitas) agus í ag ardú méire lena béal agus ag iompar eochrach ina lámh. Sa lár atá, Hibernia, agus í ag baint taca as a sleá agus ag coinneáil greama ar a sciath.

Le linn Éirí Amach na Cásca 1916, léigh Pádraig Mac Piarais Forógra na Poblachta amach ó staighre an dorais mhóir os comhair Ard-Oifig an Phoist. Tá bunchóip an fhorógra le feiceáil inniu féin in Oifig na mBailitheoirí Stampaí. I rith an Éirí Amach, bhain ceannairí na nÓglach úsáid na ceanncheathrún as Ard-Oifig an Phoist.

Cuireadh trí thine é de bharr ionsaí airtléire de chuid fhórsaí na Breataine i rith Sheachtain na Cásca, agus thit an díon isteach. Bhí trí bhratach ar foluain os cionn an fhoirgnimh, bratach na hÉireann, bratach ghlas ar a raibh cláirseach, agus bratach a raibh “Irish Republic” scríofa uirthi.[1] Níor cuireadh caoi cheart ar an bhfoirgneamh arís, sular ghlac rialtas an tSaorstáit leis mar dhualgas, cúpla bliain ní ba déanaí. Inniu féin, feictear poill philéar an Éirí Amach ar na colúin.

Bhí colún Nelson ina sheasamh os comhair an fhoirgnimh go dtí an bhliain 1966, nuair a chuir buama de chuid an IRA de dhroim an tsaoil é. Sa bhliain 2000, tógadh an Spuaic ina áit.

Sa bhliain 2005, d'fhógair Rialtas na hÉireann go rabhthas leis na seirbhísí poist a bhogadh go dtí áit éigin eile le hArd-Oifig an Phoist a iompú ina hiarsmalann a bheadh tiomnaithe do chuimhneachán Éirí Amach na Cásca.

Sa lá atá inniu ann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndilchuimhne ar an dóigh ar theip an tÉirí Amach 1016, cuireadh dealbh de bhás Chú Chulainn ina seasamh sa phríomhfhuinneog. Bhí an dealbh seo le feiceáil ar an bpíosa deich scillinge ón mbliain 1966 agus ar "shraith B" den nóta fiche punt.

Is féidir dul ar thuras staire agus an stair a bhaineann leis an bhfoirgneamh a fhoghlaim. Gach mí bíonn turas trí Ghaeilge ar fáil chomh maith.[1]

  1. 1.0 1.1 Domhnall Mac Concharraige (2025-04-04). "Ard-Oifig an Phoist, foirgneamh stairúil i gcroílár na hardchathrach" (ga-IE). An Páipéar Eagrán #23. Dáta rochtana: 2025-04-04.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]