Forógra na Poblachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadForógra na Poblachta
Cineáldoiciméad Cuir in eagar ar Wikidata
TírPoblacht na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla agus an Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú24 Aibreán 1916 Cuir in eagar ar Wikidata
Sraith
Cuid deÉirí Amach na Cásca Cuir in eagar ar Wikidata
Forógra na Poblachtaː Aistriúchán go Gaeilge níos déanaí

Ba é Forógra na Poblachta an forógra um bunú Phoblacht na hÉireann. Léigh Pádraig Mac Piarais an forógra do mhuintir Bhaile Átha Cliath ar 24 Aibreán sa bhliain 1916, ó staighre Ard-Oifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill, mar chomhartha go raibh Éirí Amach na Cásca tosaithe. Níor léigh sé an forógra ach i mBéarla.

Aistriúchán go Gaeilge é seo.

Téacs[cuir in eagar | athraigh foinse]

RIALTAS SEALADACH PHOBLACHT NA hÉIREANN DO MHUINTIR NA hÉIREANN.

A FHEARA AGUS A MHNÁ NA hÉIREANN: in ainm agus in ainm na nglún a chuaigh romhainn agus óna bhfuair sí a seanoideas mar náisiún, tá Éire, trínne, ag gairm a clainne faoina bratach agus ag bualadh buille ar son a saoirse.

Tar éis di eagar agus oiliúint a chur ar a cuid fear trí mheán a heagraíochta réabhlóidí rúnda, Bráithreachas Poblachtach na hÉireann, agus trí mheán a heagraíochtaí míleata oscailte, Óglaigh na hÉireann agus Arm Cathartha na hÉireann, tar éis di a féinsmacht a fhoirbhiú go foighneach, tar éis di fanacht go seasmhach le teacht an lae chirt, beireann sí anois ar an bhfaill agus, le cabhair óna clann atá ar imirce uaithi i Meiriceá agus ó chomhghuaillithe calma san Eoraip, ach ag brath sa chéad áit ar a neart féin, buaileann sí agus lán-dóchas aici go mbainfidh sí an bua.

Dearbhaímid gur ceart ceannasach dochloíte é ceart mhuintir na hÉireann chun seilbh na hÉireann agus chun dála na hÉireann a stiúradh gan srian. Níor chealaigh an forlámhas a d'imir cine agus rialtas eachtrannach ar feadh i bhfad an ceart sin, ná ní féidir é a chealú go deo ach amháin trí dhíothú mhuintir na hÉireann. I ngach glún dhearbhaigh muintir na hÉireann a gceart chun saoirse agus flaitheas an náisiúin: sé huaire le trí chéad bliain anuas dhearbhaíodar é faoi arm. Ag seasamh dúinn ar an gceart bunúsach sin agus á dhearbhú arís faoi arm os comhair an tsaoil, fógraímid leis seo Poblacht na hÉireann mar Stát Ceannasach Neamhspleách, agus cuirimid ár n-anam féin agus anam ár gcomrádaithe comhraic i ngeall lena saoirse agus lena leas agus lena móradh i measc na náisiún.

Tá ceart ag Poblacht na hÉireann ar dhílseacht fhir agus mhná na hÉireann agus éilíonn sí an dílseacht sin. Ráthaíonn an Phoblacht saoirse chreidimh agus saoirse shibhialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma don uile shaoránach, agus fógraíonn sí gur rún di sonas agus séan an náisiúin go hiomlán agus an uile pháirt di a bhaint amach agus í chomh ceanúil céanna ar chlann uile an náisiúin agus gan beann aici ar na difríochtaí a chothaigh rialtas eachtrannach go cúramach agus a dheighil mionlach ón móramh san am atá thart.

Nó go mbaine ár n-airm uain chaoithiúil amach le haghaidh bunú Rialtais Náisiúnta bhuain a bheidh ionadaíoch de mhuintir uile na hÉireann agus a thoghfar le vótaí a cuid fear agus ban uile, riarfaidh an Rialtas Sealadach a bhunaítear leis seo gnóthaí sibhialta agus míleata na Poblachta ar iontaobhas don phobal.

Cuirimid cúis Phoblacht na hÉireann faoi choimirce Dhia Mór na nUilechumhacht agus impímid a bheannacht ar ár n-airm, agus guímid nach dtarraingeoidh aon duine i seirbhís na cúise sin easonóir uirthi le meatacht, le mídhaonnacht ná le slad. In uair seo na cinniúna, ní foláir do náisiún na hÉireann, trína misneach agus a dea-iompar, agus trí thoil a clainne iad féin a íobairt ar son leas an phobail, go dtuillfidh sí an réim ró-uasal is dán di.

Arna shíniú thar ceann an Rialtais Shealadaigh:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]