Éamonn Ceannt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Éamonn Ceannt
Éamonn Ceannt.jpg
Saol
Ainm iomlán Edward Thomas Kent
Eolas breithe Béal Átha Mó, Meán Fómhair 21, 1881
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Príosún Chill Mhaighneann, Bealtaine 8, 1916
Áit adhlactha Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás pionós an bháis (tráma balaistíoch)
Muintir
Céile/Céilí Áine Ceannt (en) Aistrigh
Oideachas
Teangacha An Ghaeilge
Gairm
Gairm réabhlóidí
Ballraíocht Bráithreachas na Poblachta
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Éirí Amach na Cásca

Náisiúnaí agus réabhlóidí Éireannach ab ea Éamonn Ceannt (rugadh Edward Thomas Kent, 21 Meán Fómhair, 1881 - 8 Bealtaine, 1916).[1]

Duine de ceannairí Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916 ab ea é, agus duine den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta. Cuireadh é chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann tar éis theip an Éirí Amach.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Ceanntmar Edward Thomas Kent i mbeairic na bpóilíní ag Béal Átha Mó, Co. na Gaillimhe, mac le James Kent, oifigeach i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, agus a bhean, Joanne Galway.[2]

Aistríodh James Kent chuig Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú, áit ar fhreastal Éamonn ar scoil náisiúnta De La Salle, bhí sé ina fhreastalaí Aifrinn agus bhí sé ina Chaitliceach cráifeach ar feadh a shaoil. Ansin, bhog an teaghlach chuig Droichead Átha, áit ar fhreastal sé ar scoil na mBráithre Críostaí ag Geata Rí an Domhnaigh.

Nuair a d'éirigh a athair as i 1892, bhog sé féin agus a theaghlach go Baile Átha Cliath, agus Edward 11 bhliain d'aois.[3]

D'fhreastal Éamonn ar Scoileanna Uí Chonaill ar Shráid Richmond Thuaidh, a bhí á rith ag na Bráithre Críostaí, agus níos déanaí, Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. D’éirigh leis post a fháil le Bardas Bhaile Átha Cliath i rannóg na rátaí agus níos déanaí in oifig cistíochta na cathrach.

Bhí suim mhór ag Ceannt i gcúrsaí cultúrtha agus polaitaíochta. Chomh maith le bheith páirteach i ngníomhaíochtaí poblachtánacha bhí spéis aige freisin i gcultúr na hÉireann, go háirithe an Ghaeilge agus stair na hÉireann.[4] Chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge agus d'athraigh sé a ainm go Éamonn Ceannt agus d'fhoghlaim sé chun na píb uilleann a chasadh.

Roimh an Éirí Amach bhí sé fostaithe ag Bardas Bhaile Átha Cliath.

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

1910

Sa bhliain 1907, chuaigh Ceannt isteach i bpáirtí polaitiúil nua Arthur Griffith, Sinn Féin, a bhí i gcoinne an Rialtais Dhúchais, a chur chun cinn coincheap an fhéintuilleamaíocht náisiúnta, agus a bhí dírithe ar neamhspleáchas náisiúnta. Níos déanaí, toghadh ar chomhairle náisiúnta Shinn Féin é.

Is cosúil gur chuir Seán Mac Diarmada faoi mhóid é i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann an 12 Nollaig 1912.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na nÓglachː nuair a bunaíodh Óglaigh na hÉireann i Samhain 1913, toghadh Ceannt ar an gcoiste sealadach, agus bhí sé páirteach in airgead a bhailiú chun airm a fháil. Bhí Ceannt i láthair nuair a thug na gunnaí isteach i mBinn Éadair agus Cill Chomhghaill in 1914.[2]

Tar éis cuid den Óglaigh tarraingt amach as an eagraíocht faoi Redmond, toghadh Ceannt, an Piarsach agus an Pluincéadach chuig poist thábhachtacha in Óglaigh na hÉireann, rud a thug smacht dóibh.

Eamonn Ceannt (28158420417).png

Ceapadh Ceannt ina cheannfort ar an 4ú Chathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath i Márta 1915. Go gairid ina dhiaidh sin, comhthoghadh ar Chomhairle Mhíleata an IRB é. Reáchtáladh go leor de chruinnithe de chuid na Comhairle Míleata ina theach sa Charnán.[2]

1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an ceannfort é ar Cheathrú Cathlán na nÓglach le linn an Éirí Amach, ghabh sé

tógadh leacht i gcuimhne air; páirc phoiblí, Cromghlinn

Ar Luain Cásca 1916, ghabh Ceannt agus 120 fear a tháinig ar dualgas i 4ú Chathlán d’Óglaigh na hÉireann, Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, teach oibre/ospidéal scaipthe thar dhá acra is caoga ar Shráid San Séamas agus roinnt foirgneamh clúdaithe (an South Dublin Union, an áit a bhfuil Ospidéal Naomh Séamas anois). Choinnigh siad cuid den ionad go dtí gur dúradh leo faoin ngéilleadh ginearálta an Domhnach ina dhiaidh sin.[2]

leacht cuimhneacháin i mBÁC

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Ceannt ar thriail agus cuireadh chun báis é le scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 8 Bealtaine. I measc a ghaolta a bhí fágtha ina dhiaidh, bhí a bhean Áine O’Brennan, a mhac óg Rónán, a dheartháir William, maorsháirsint bhratach i bhFiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath (arm na Breataine) a bhí lonnaithe i Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh