Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Is éard is Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair ann ná reilig atá suite i bPríosún Chnoc an Arbhair i gCnoc an Arbhair i gContae Bhaile Átha Cliath. Is i mBaile Átha Cliath a 7 atá sé. Is ann atá uaigh 14 cheannairí Éirí Amach 1916 a cuireadh chun báis. I measc an dreama atá curtha ann tá Pádraig Mac Piarais, Séamas Ó Conghaile agus an Maor Seán Mac Giolla Bhríde. Tá leac ar a bhfuil greanta ainmneacha daoine eile a fuair bás i 1916 ar bhalla an phríosúin ar an taobh eile de láthair na huaighe.