Tomás Ághas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Cuimhneachán, Contae an Chabháin

Ba dhuine de bhunaitheoirí Óglaigh na hÉireann é Tomás Ághas (12 Eanáir 188525 Meán Fómhair 1917). Bhí sé i gceannas ar chuid den ghníomhaíocht is suntasaí de chuid na nÓglach taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath le linn Éirí Amach 1916. Ag am a bháis bhí sé ina uachtarán ar Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann.[1] 

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Cainteoir dúchais Gaeilge as Cinn Ard, in aice le Lios Póil, Contae Chiarraí, ab ea an tÁghasach[2].

Chuaigh Ághas leis an múinteoireacht agus chaith sé ocht mbliana ag múnadh i Scoil Náisiúnta na Coirre Duibhe i Lusca, Co Bhaile Átha Cliath.

Píobaire cumasach agus duine de bhunaitheoirí Bhanna Píb Black Raven a bhí ann, chomh maith le fear mór spóirt a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael.

An tÉirí amach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí Ághas i gceannas ar an 5ú Cathlán de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath Óglaigh na hÉireann (Briogáid Fhine Gall) in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Ba cheannfort é ar Chathlán Fhine Ghall. Bhí idir seasca agus seachtó fear aige ag troid in aghaidh fhórsaí na Sasanach timpeall thuaisceart Bhaile Átha Cliath le linn an Éirí amach.

Nios déanaí, fuair an cathlán an lámh in uachtar ar bhuíon póilíní i gCill Dhéagláin, Contae na Mí, áit a ndeachaigh siad i mbun ionsaí ar fhórsa a bhí i bhfad níos mó. Ghabh siad a lán arm, agus beagnach fiche feithicil. Nuair a theip an tÉirí amach go forleathan, áfach, ghéill Cathlán Ághais tar éis dó ordú a fháil ó Phádraig Mac Piarais.

Príosúnach[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 8 Bealtaine 1917, ghearr armchúirt prianbhreith bháis ar Ághas agus ar Eamon de Valera. Laghdaíodh an phianbhreith seo go dtí príosúnacht saoil. Choimeád na Sasanaigh Ághas i bpríosún Lewes i Sasana.

Nuair a tháinig Stáit Aontaithe Mheiriceá isteach sa Chéad Chogadh Domhanda i mí Aibreáin 1917, tháinig níos mó brú ar na Sasanaigh "an Fhadhb Éireannach" a réiteach. Thosaigh de Valera, Ághas agus Tomás Hunter stailc ocrais ar an 28 Bealtaine 1917 chun an brú sin a méadú. Le cuntais faoi dhrochiompar sna príosúin agus agóid ag méadú in Éirinn, ligeadh saor na príosúnaigh Éireannacha a bhí fágtha ar an 18 Meitheamh 1917 le cead Lloyd George.

I mí Lúnasa 1917, gabhadh Ághas arís agus cúisíodh é le ceannairc de dheasca óráid a rinne sé i mBaile na Luí, Contae an Longfoirt, áit a raibh Mícheál Ó Coileáin ag labhairt freisin. Cuireadh sa Currach é ar dtús báire, ach ansin bogadh é go Príosún Mhuinseo i mBaile Átha Cliath.

Conradh na Gaeilge[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhí an tÁghasach gníomhach i gConradh na Gaeilge agus é fós ina dhalta scoile. Tugadh freagracht dó mar thimire cúnta agus é sa 5ú bhliain ar scoil.[3]

Duine de na baill de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann ab ea Ághas, a rinne Dubhghlas de hÍde iarracht iad a dhíbeart ó Chonradh na Gaeilge, i rith an tsamhraidh sa bhliain 1913.

Uaigh Thomáis Ághais: "Mar bhí mo dhúil ó thúis shaoil í saoirse, i glú 's i súchas Gaedhal"

Deireadh a shaoil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ciontaíodh agus daoradh pianbhreith dhá bhliain d'obair crua air. D'éiligh sé féin agus na príosúnaigh eile, Aibhistín de Staic ina measc, stádas 'príosúnach cogaidh'. Chuaigh sé ar stailc ocrais arís mar agóid ar an 20 Meán Fómhair. Fuair sé bás ar an 25 Meán Fómhair 1917, san Ospidéal Mater, tar éis do lucht Phríosún Mhuinseo iarracht a dhéanamh é a bheathú le foréigean agus é ar stailc ocrais.

B'ócáid ollthábhactach í socraid an Ághasaigh. Bhí na mílte daoine ann agus rinneadh taiféid fís de. Mar chuid den searmanas bhí ceol le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus píobaire ó Bhanna Píb Black Raven. 

Bhí bás Ághais tábhachtach don ghluaiseacht phoblachtánach agus mhéadaigh earcaigh na nÓglach. Ar dtús bhí a chorp i Halla Cathrach Bhaile Átha Cliath, agus ansin cuireadh é i Reilig Ghlas Naíon.

Eolas eile[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá sé gaolta le Catherine Uí Ághas, seanmháthair (tríd a hathair) leis an aisteoir Meiriceánach Gregory Peck, a chuaigh mar imircigh go dtí na Stáit Aontaithe sa 19ú haois.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Ó Lúing, Seán. I Die in a Good Cause: Thomas Ashe: A Biography (Kindle Locations 92-93). Mercier Press. Kindle Edition.
  2. https://www.rte.ie/news/nuacht/2017/0922/906803-comoradh-stait-100-bliain-ar/
  3. Ó Lúing, Seán. I Die in a Good Cause: Thomas Ashe: A Biography (Kindle Locations 262-264). Mercier Press. Kindle Edition.



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh