Aibhistín de Staic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aibhistín de Staic
Austin Stack (cropped).jpg
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
Dúiche: Ciarraí Thiar
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Teachta Dála

Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921
Dúiche: Ciarraí Thiar
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
Teachta Dála

Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922
Dúiche: Ciarraí–Iarthar Luimnigh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
An tAire Dlí agus Cirt

Lúnasa 22, 1921 - Eanáir 9, 1922
Art Ó Gríofa - Éamon Ó Dugáin
Teachta Dála

Meán Fómhair 9, 1922 - Lúnasa 9, 1923
Dúiche: Ciarraí–Iarthar Luimnigh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1922
Teachta Dála

Meán Fómhair 19, 1923 - Bealtaine 20, 1927
Dúiche: Ciarraí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1923
Teachta Dála

Meitheamh 23, 1927 - Lúnasa 16, 1927
Dúiche: Ciarraí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927
Saol
Ainm iomlánAugustine Mary Moore Stack
Eolas breitheTrá Lí, 7 Nollaig 1879
NáisiúntachtÉire
Poblacht na hÉireann
Saorstát Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásBaile Átha Cliath, 27 Aibreán 1929
Oideachas
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir agus imreoir peile Gaelaí
Áit oibreLondain
BallraíochtBráithreachas na Poblachta
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaSinn Féin

Réabhlóidí Éireannach ab ea Aibhistín de Staic (7 Nollaig 1879 - 27 Aibreán 1929).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Aibhistín de Staic i dTrá Lí i gContae Chiarraí. Fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i dTrá Lí. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, thréig sé an scoil agus chuaigh sé ag obair ina chléireach in oifig dlíodóra. Bhí sé ar fheabhas ina pheileadóir, agus é i gceannas ar fhoireann Chiarraí nuair a bhain siad an chraobh uile-Éireann sa bhliain 1904. Bhí sé freisin ina Uachtarán ar Bhord Chontae Chiarraí don Chumann Lúthchleas Gael.

Sa bhliain 1908, chuaigh sé san IRB. Ní raibh sé gníomhach i bpolaitíocht roimhe sin. Sa bhliain 1916, bhí sé ina cheannfort ar na hÓglaigh i gCiarraí, agus é le teacht in araicis na n-arm Gearmánach a bhí Ruairí Mac Easmainn a thabhairt go hÉirinn. Ghabh na Sasanaigh é, áfach, agus daoradh chun báis é. Ina dhiaidh sin, áfach, maolaíodh an pionós sin go pianseirbhís saoil. Scaoileadh saor é i Mí an Mheithimh, 1917, de bharr an phardúin ghinearálta, agus vótáladh isteach ina Fheisire do Shinn Féin i gCiarraí é in olltoghchán na bliana 1918.

Bhí sé go tréan in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus chuir sé troid ar Arm an tSaorstáit sa Chogadh Chathartha. Ceapadh é sa bhliain 1923, agus chuaigh sé ar stailc ocrais a mhair le lá amháin is dhá scór sular saoradh é i Mí Iúil 1924. Nuair a bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil sa bhliain 1926, d'fhan Aibhistín de Staic ina bhall de Shinn Féin, agus hatoghadh ina Theachta Dála é sa bhliain 1927.

Ní bhfuair sé biseach ceart riamh i ndiaidh an chéalacain fhada. Shíothlaigh sé in ospidéal i mBaile Átha Cliath i Mí Aibreáin sa bhliain 1929, gan ach naoi mbliana is dhá scór d'aois aige.