Ruairí Mac Easmainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaRuairí Mac Easmainn

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Roger Casement
Beathaisnéis
Breith1 Meán Fómhair 1864
Cuas an Ghainimh Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Lúnasa 1916
51 bliana d'aois
Príosún Pentonville, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon (1965–) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh an Bhaile Mheánaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmtaidhleoir, polaiteoir, consal, file, scríbhneoir, réabhlóidí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOifig Gnóthaí Eachtracha Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaÓglaigh na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Eile
AthairRoger Casement  agus Anne Jephson
SiblínTom Casement
Ciontaíodh iTréas Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 4128 Cuir in eagar ar Wikidata

Taidhleoir, daonnúlach agus náisiúnaí Éireannach ab ea Ruairí Dáithí Mac Easmainn,Roger Casement (1 Meán Fómhair 1864 - 3 Lúnasa 1916). Bhí ról cinniúnach aige in imeachtaí na bliana 1916, agus chuir sé Éire ar bhóthar an neamhspleáchais.[1]

an tEasmannach i bPutumayo, Peiriú, 1911 b'fhéidir
Roger Casement agus Mrs French Sheldon Wellcome, Congó, 1904

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Mac Easmainn i gCuas an Ghainimh, in aice le Baile Átha Cliath. Bhí a athair ina Phrotastúnach, ach d'fhéach a mháthair chuige go bhfuair sé baiste an Chaitlicigh ar chúla téarmaí. Cailleadh an bheirt acu nuair nach raibh Ruairí ach óg, agus b'iad muintir a athara i gCúige Uladh a thóg é.

Ar dtús, bhain an tEasmannach cáil amach leis an tuairisc a thug sé ar an léirscrios a rinne anlathas na Beilge, Leopold, ar an gCongó.

Bhí an dealbhóir Herbert Ward[2] an-mhór le Mac Easmainn roimh 1915 (ar dheis)

Ina dhiaidh sin, chuaigh Mac Easmainn le gluaiseacht an neamhspleáchais in Éirinn.

Éirí amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an tEasmannach ina idirghabhálaí rúnda ag iarraidh armálacha Gearmánacha a sholáthar do reibiliúnaigh na Cásca. Bhí sé ar intinn ag Mac Easmainn saighdiúirí Éireannacha a earcú as na priosúnaigh chogaidh sa Ghearmáin le linn an Chogaidh Mhóir.

timpeall 1910

I Lúnasa 1914, tháinig Ruairí Mac Easmainn go Meiriceá, áit a raibh sé ag fáil tacaíochta do na hÓglaigh in Éirinn agus ag cur aithne ar dhaoine in ambasáid na Gearmáine, agus mar sin de.

Ar 31 Deireadh Fómhair 1914, tháinig Ruairí Mac Easmainn go Beirlín ó Mheiriceá. Bhuail sé le Arthur Zimmermann, Fo-Rúnaí Stáit in Oifig Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine, agus le Theobald von Bethmann Hollweg, Seansailéir na hImpireachta. D'fhógair seisean go bhfuil an Ghearmáin ar son chúis na Náisiúnaithe. Thosaigh Mac Easmainn ag earcú don “Bhriogáid Éireannach” i measc príosúnaigh chogaidh Éireannacha, iarrachtaí gan toradh ar dtús.[3]

Bunaigh sé an ‘Bhriogáid Éireannach’ sa Ghearmáin sa bhliain 1915. Thug sé an sáirsint Robert Monteith[4] in éineacht leis, a bhí ina theagascóir druile le hÓglaigh na hÉireann i Luimneach, chun a bheith mar Phríomh-Oifigeach na Briogáide. Shroich siad chuig Campa Priosúnaigh Chogaidh Zossen, a bhí fiche míle ó dheas ó Bheirlín, ar 26 Deireadh Fómhair 1915.[3]

Tháinig rath ar bith ar an eagraíocht; ní raibh ach 56 fhear inti an bhliain dár gcionn. Fuair Mac Easmainn airm agus armlón sa Ghearmáin sa bhliain 1916 le haghaidh na reibiliúnach, ach ní raibh an cúnamh chomh maith agus a cheap sé a bheadh.[5]

Ar an 11 Aibreán 1916, sheol Mac Easmainn ó Wilhelmshaven ar a bhealach go hÉirinn ar bhord an fhomhuireáin U19 le súil go mbuailfeadh sé leis an long "Aud" i gContae Chiarraí, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.

Go luath maidin Aoine an Chéasta 1916 (21 Aibreán 1916), tháinig Mac Easmainn, Robert Monteith agus Daniel Bailey i dtír ar Thrá na Beannaí tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach, inar thaistil siad ón Ghearmáin, a fhágáil. Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an Aud. D’fhan Mac Easmainn, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, ag Dún Mhic Cionnaith, fad a d’imigh Monteith agus Bailey go Trá Lí.

Leabhar a scríobh Mac Easmainn : The crime against Ireland and how the war may right it

Gabhadh Mac Easmainn agus cuireadh i bpríosún i Sasana é.

Ar a chloisteáil d’Eoin Mac Néill, ceannaire Óglaigh na hÉireann, go raibh Mac Easmainn gafa agus na hairm ón nGearmáin caillte, d’ordaigh sé an tÉirí Amach, a bhí beartaithe do Dhomhnach Cásca,  a chur ar ceal.

Basú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an tEasmannach chun báis i bhfad i ndiaidh cheannairí eile na Cásca. Cuireadh tréas ina leith, fuarthas ciontach é agus crochadh é ar an 3 Lúnasa 1916 i bpríosún Pentonville i Londain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.
  2. "Herbert Ward (sculptor)" (as en) (2021-05-06). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 centenaries.ucd.ie. "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2021.
  4. "Monteith, the officer in charge of the Irish Brigade". www.irishbrigade.eu. Dáta rochtana: 2021-10-26.
  5. forasnagaeilge.ie/. "Ruairí Mac Easmainn". Dáta rochtana: 2021.