Raidhfil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula d'armaRaidhfil
Cineálweapon functional class (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Arm tine a forbraíodh ina arm praiticiúil ag deireadh an 19ú céad nuair a cuireadh eitrí bíseacha ar an taobh istigh de bhairille an ghunna. Rothlaíonn an piléar is é ag taisteal ar feadh an bhairille, agus buanaíonn sé seo eitilt an philéir is feabhsaíonn go mór a chruinneas. Ag an am céanna forbraíodh raidhflí piléarlainne (le piléir iomadúla) le boltghníomhú (chun piléar nua a chur sa chraos go tapa) ag scaoileadh cartúis púdair gan deatach, réabhlóid amach is amach i gcumas scaoilte an tslua coise. D'fhan an teicneolaíocht seo mar an gcéanna den chuid is mó go dtí lár an dara cogadh domhanda, nuair a tugadh isteach an raidhfil gásfhuinnmhithe uathoibríoch. Faoi seo tá an raidhfil ionsaithe éadrom lánuathoibríoch, a chruinneas an-mhaith is a raon scaoilte an-fhada. Saothraíodh coincheap na n-eitrí i gcró an ghunna chun an rud céanna a dhéanamh i ngunnaí móra agus iad a dhéanamh níos cruinne ná riamh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Raidhfil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 547.