Trá na Beannaí
Cuma
| (ga) Trá na Beannaí | ||||
| Cineál | Trá | |||
|---|---|---|---|---|
| Logainm.ie | 101434 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||

Is trá suite i gContae Chiarraí í Trá na Beannaí.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Go luath maidin Aoine an Chéasta 1916 (21 Aibreán 1916), tháinig Ruairí Mac Easmainn i dtír ar Thrá na Beannaí tar éis dóibh an fomhuireán Gearmánach, inar thaistil sé ón Ghearmáin, a fhágáil. Theip ar a n-iarrachtaí castáil leis an long Aud, ar a raibh lastas 20,000 raidhfil, 10 meaisínghunna agus 1,000,000 urchar a bhí le tabhairt i dtír d’Éirí Amach na Cásca.[2]

D’fhan Mac Easmainn, a bhí breoite agus tnáite i ndiaidh an aistir fhada, ag Dún Mhic Cionnaith. Gabhadh Mac Easmainn agus cuireadh i bpríosún i Sasana é.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Trá na Beannaí/Banna Strand" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2021-04-21.
- ↑ "Comóradh ar Thrá na Beannaí ar theacht i dtír agus gabháil Mhic Easmainn cothrom an lae seo céad bliain ó shin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-21.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
