Seán Heuston

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSeán Heuston

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Feabhra 1891
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Bealtaine 1916
25 bliana d'aois
Príosún Chill Mhaighneann Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Áit adhlacthaReilig Mhíleata Chnoc an Arbhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Gairm mhíleata
GéillsineÓglaigh na hÉireann
Céim mhíleatacaptaen Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtÉirí Amach na Cásca

Find a Grave: 4275 Cuir in eagar ar Wikidata

Réabhlóidí Éireannach agus ball de Fianna Éireann ab ea Seán Mac AodhaSeán Heuston as Béarla (21 Feabhra, 1891 - 8 Bealtaine, 1916). Bhí sé gníomhach maidir le bunú na bhFianna agus ba gearr go raibh sé ina oifigeach agus ag mealladh tuilleadh fear.[1]

Cuireadh chun báis é i gPríosún Chill Mhaighneann sa bhliain 1916. Ní raibh sé ach 25 bliana d'aois ag an am.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Heuston ar 21 Feabhra 1891 ag 24 Shráid Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath, mac le John Heuston, cléireach, agus le Maria McDonald.[2]

Fuair sé oideachas go dtí an an grád idirmheánach ó na Bráithre Críostaí ar Scoileanna O'’Connell ar Shráid Richmond Thuaidh.

Luimneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é seacht mbliana déag d’aois (1908), chuaigh sé isteach sa Great Southern and Western Railway Company mar chléireach. Bhí sé lonnaithe i Luimneach ar feadh sé bliana, áit a raibh sé gníomhach mar mhaor le Fianna Éireann.

Chuaigh sé isteach i bhFianna Éireann, an club gasógaíochta a rinne Bulmer Hobson agus an Chuntaois Markievicz, i mí Lúnasa 1909. D’eagraigh sé brainse an-ghníomhach i Luimneach, ag a raibh ballraíocht de 250 buachaill sa deireadh thiar thall.[2] Chaith sé an chuid is mó den am saor a bhí aige san eagraíocht: ag múineadh Gaeilge agus stair, ag déanamh druileanna, ag máirseáil agus chabhraigh sé le baill íoc as a gcuid éidí.

Ar ais i mBÁC, 1913-1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistríodh go Baile Átha Cliath é ag an GSWR in 1913 agus cuireadh chuig oifig an bhainisteoir tráchtála ag stáisiún traenach Kingsbridge é (stáisiún Heuston atá air anois).

Sna blianta 1913-1916, bhí Heuston, páirteach in oideachas na mbuachaillí i Scoil Éanna agus d’eagraigh siad druileáil agus cleachtadh le muscaedaíocht.[3]

Is ina dhiaidh atá stáisiún Heuston agus Droichead Heuston i mBaile Átha Cliath ainmnithe.

Lean sé leis a chuid oibre le Fianna Éireann, áit ar chas sé le Con Colbert agus Liam Mellows, an bheirt acu feiceálach san eagraíocht. Tugadh ceannas ar bhrainse dó ar an taobh ó thuaidh den chathair, lonnaithe in Hardwick Hall.[2]

Tugadh ardú céime dó mar leas-cheannfort de Bhriogáid Bhaile Átha Cliath agus rinneadh stiúrthóir traenála de freisin. D’earcaigh Colbert agus Pádraig Mac Piarais é chun traenáil a thabhairt do na mic léinn ar Scoil Éanna i ndruileáil agus muscaedaíocht. Ar ócáid na hairm a theacht i dtír i mBinn Éadair i mí Iúil 1914, stiúir sé fórsa Fhianna a thug seachadadh gunnaí ar ais go Baile Átha Cliath go sábháilte ar chairt.

Chuaigh Heuston le hÓglaigh na hÉireann go gairid i ndiaidh a bhunaithe i mí na Samhna 1913. Rinneadh captaen de sa deireadh thiar thall ar an 1ú Cathlán de chuid Ned Daly. D’'oibrigh sé go crua leis a chomplacht, ag eagrú máirseálacha agus inlíochtaí, ag cothú meon dúthrachta agus comrádaíochta, agus ag soláthar airm agus trealaimh trí cheannach agus úsáid á bhaint aige as gach meán a raibh ar láimh aige.[2]

Cuimneachán i bPáirc an Fhionnuisce

Eirí Amach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar Luan Cásca tugadh ceannas ar an Institiúid Déiríochta dó, foirgneamh ar an taobh ó dheas ó Abhainn na Life, laistiar de na Cheithre Cúirteanna, mar a raibh Daly agus an 1ú Cathlán lonnaithe. Is é an chúram a bhí ar Heuston ná an bealach idir an Bheairic Ríoga (Dún Uí Choileáin ní ba dhéanaí, agus anois ina Ard-Mhúsaem na hÉireann) agus na Ceithre Cúirteanna ar feadh roinnt uaireanta sa chaoi is go mbeadh am go leor ag Daly agus a raibh fágtha den 1ú Briogáid socrú isteach.

Mar a tharla, sheas Heuston agus a chomplacht de 30 fear an fód ar feadh níos mó ná dhá lá.

Agus iad timpeallaithe agus gan cúis dóchais acu, ghéill Heuston ar an Chéadaoin.

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Seán Heuston os comhair chúirt airm agus daoradh chun báis é. Coinníodh é i nDún Richmond sular tugadh go Príosún Chill Mhaighneann é. Cuireadh chun báis é ar an 8ú Bealtaine 1916 agus é cúig déag is fiche bliain d'’aois. B'’é an fear is óige dóibh siúd a cuireadh chun báis.

Níor phós sé roimh a bhás. D'’fhág sé a mháthair agus a dheartháir Michael ina dhiaidh, a bhí ina mhac léinn ar an Dominican Priory i dTamhlacht agus é ag dul le sagartacht.[2]

Cuimhneachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1966, ainmníodh Stáisiúin Heuston i mBaile Átha Cliath ina chuimhne.








Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "1916 Seachtar Dearmadta - Sean Heuston | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga) . 
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 "National Library of Ireland - 1916 Exhibition". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-05-08.
  3. "May 8th: Éamonn Ceannt, Michael Mallin, Seán Heuston, Con Colbert" (en). Ireland 2016 (2016-04-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-08. Dáta rochtana: 2021-05-08.