Jump to content

Liam Ó Maoilíosa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Liam Mellows)
Infotaula de personaLiam Ó Maoilíosa

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Bealtaine 1892
Manchain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Nollaig 1922
30 bliana d'aois
Príosún Mhuinseo Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisTráma balaistíoch
Teachta Dála
16 Lúnasa 1921 – 8 Meitheamh 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 2ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh

Teachta Dála
21 Eanáir 1919 – 10 Bealtaine 1921 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 1ú Dáil

Toghcheantar: Gaillimh Thoir

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Gaillimh Thoir

Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 26 Deireadh Fómhair 1922 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: An Mhí Thuaidh

Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Polaiteoir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Liam Ó Maoilíosa (25 Bealtaine 18928 Nollaig 1922), nó Liam William Joseph Mellows as Béarla.

Saolaíodh Liam Ó Maoilíosa i Manchain, Sasana, mac le tuismitheoirí Éireannacha sa bhliain 1892. Tógadh é i gContae Loch Garman in Éirinn, agus bá náisiúnaí é ón aois óg. Chuaigh sé isteach i bhFianna Éireann (gluaiseacht phoblachtach do bhuachaillí), agus tar éis tamaill bhí sé gníomhach le hÓglaigh na hÉireann freisin. Cuireadh faoi ghlas é cúpla uair, agus d'éalaigh sé amach ó Phríosún Reading chun teacht ar ais go hÉirinn chun páirt a ghlacadh in Éirí Amach na Cásca. Bhí sé ina cheannaire ar Roinn Iartharach an IRA, agus rinne sé ionsaí mírathúil ar stáisiún de chuid Chonstáblacht Ríoga na hÉireann in Órán Mór, Contae na Gaillimhe.

Tar éis teipeadh an Éirí Amach, theith Ó Maoilíosa go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá. Thosaigh sé ag obair anseo le John Devoy, agus rinne siad na hullmhúcháin don turas a rinne Éamon de Valera sa tír idir na blianta 1919 agus 1920. D'fhill sé ar ais ar Éireann arís nuair a bhris an Cogadh Angla-Éireannach amach. Rinne an tIRA Stiúrthóir Soláthairtí de i rith an chogaidh, agus bhí sé freagrach as ceannach airm.

Toghadh Ó Maoilíosa isteach sa Chéad Dáil sa bhliain 1918, agus é ina iarrthóir le Sinn Féin ón ndáilcheantar Gaillimh Thoir agus an Mhí Thuaidh. Bhí sé go láidir in éadan an gChonartha a bhí sínithe sa bhliain 1921, agus bhí sé i measc na ceannairí a bhí lonnaithe sna Ceithre Cúirteanna nuair a bhris amach Cogadh Cathartha na hÉireann i mí an Mheithimh 1922. Níor mhair an suíomh ach dhá lá, áfach, agus bhí orthu géilleadh a dhéanamh. Deirtear go raibh seans ag Ó Maoilíosa agus Earnán Ó Máille éalú a dhéanamh, ach dhiúltaigh siad é.

Cuireadh Ó Maoilíosa agus na frith-chonraitheoirí eile faoi ghlas i bPríosún Mhuinseo. Ar an 8 Nollaig, lámhachadh Ó Maoilíosa, Ruairí Ó Conchúir, Seosamh Mac Calbhaigh agus Risteard Bairéid, mar bheart díoltais ar scaoileadh an Theachta Dála Seán Mac Héil ar an 7 Nollaig.

Tá dealbh in ómós do Liam Ó Maoilíosa le fáil san Fhaiche Móir i gcathair na Gaillimhe, agus tá beairic Dhún Úi Maoilíosa ainmnithe ina dhiaidh chomh maith. Tá dealbh eile in Órán Mór. Tá a chuid athfhriotal coitianta i bhfógraí báis baill den IRA Sealadach a fuair bás ar seirbhís fuinniúil, a mbíonn sa nuachtán, An Phoblacht.