Riobárd Bartún
Bá dhlíodóir, státaire agus feirmeoir Éireannach é Riobárd Childers Bartún (1881 - 10 Lúnasa 1975), nó Robert Childers Barton as Béarla. Col ceathrair le Robert Erskine Childers ab ea é, a bhí i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Riobárd Bartún do theaghlach a bhí go maith as i gContae Chill Mhantáin. Fuair sé a chuid oideachais i Rugby School, Warwickshire, i Sasana, ansin i Christ Church, Oxford agus sa Royal Agricultural College in Gloucestershire.
Thacaigh an Bartúnach le Rialtas Dúchais agus chuaigh sé isteach in Oglaigh na hÉireann i 1913. Nuair a bhris an Chéad Chogadh Domhanda amach liostáil sé i bhFiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath agus bhí sé i mbun seirbhise i mBaile Átha Cliath le linn d'Éiri Amach na Cásca a bheith á chur faoi chois. Ina dhiaidh sin d'éirigh sé as an arm agus chuaigh sé ag plé leis an bpolaitíocht scarúnaíoch.
Toghadh é ina Fheisire neamhfhreastail do Shinn Féin le haghaidh Cill Mhantáin Thiar i dtoghchán mhí na Nollag 1918 agus ghlac sé a shuíochán mar Theachta Dála sa chéad Dáil Éireann, áit ar ceapadh é ina aire talmhaíochta.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |