Traolach Mac Suibhne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Traolach Mac Suibhne
Terrence mac swiney.jpg
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 25, 1920
District: Lár Chorcaí
Election: 1918 United Kingdom general election (en) Aistrigh
Teachta Dála

Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921
District: Lár Chorcaí
Election: Olltoghchán na hÉireann, 1918
Ard-Mhéara Chorcaí

Márta 1920 - Deireadh Fómhair 1920
Tomás Mac Curtain
District: Comhairle Contae Chorcaí
Saol
Ainm iomlán Terence Joseph MacSwiney
Eolas breithe Corcaigh, Márta 28, 1879
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás HM Prison Brixton (en) Aistrigh, Deireadh Fómhair 25, 1920
Áit adhlactha St. Finbarr's Cemetery (en) Aistrigh
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás Féinmharú (ocras)
Muintir
Athair John MacSwiney
Máthair Mary Wilkinson
Céile/Céilí Muriel MacSwiney (en) Aistrigh  (Meitheamh 9, 1917 -
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma mater Coláiste na hOllscoile Corcaigh
Teangacha An Ghaeilge
An Béarla
Gairm
Gairm polaiteoir, scríbhneoir agus file
Áit oibre Londain
Gluaiseacht ealaíne amharclannaíocht
filíocht
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Sinn Féin

Polaiteoir agus réabhlóidí Éireannach ab ea Traolach[1] Mac SuibhneTerence MacSwiney (28 Márta 1879 - 25 Deireadh Fómhair, 1920).[2] Chaithfí é a áireamh ar mhairtírigh mhóra na hÉireann.[3][4]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh i gCathair Chorcaí é. Bhí sé ar scoil sa Mhainistir Thuaidh. Agus é 15 bliain déag d'aois, ghlac sé le post cuntasaíochta. Bhain é céim amach san fhealsúnacht de bharr scrúduithe na hOllscoile Ríoga (Coláiste na hOllscoile Corcaigh inniu) in 2007, in aois 27 bliain dó.

Níos daoine,bhí sé ar dhuine de na chéad scoláirí i gColáiste na Mumhan sa bhliain 1904, agus in aois 24 dó.[5] Phós sé Muriel Ní Mhurchú ar 9 Meitheamh 1917 in Bromyard i Sasana mar a raibh sé ar díbirt. Rugadh iníon dó, Máire, ar 23 Meitheamh 1918 agus le Gaeilge ar fad a bhí an leanbh á tógáil acu. Toghadh é ina bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge sa bhliain chéanna agus bhí baint mhór aige le heagrú an Oireachtais i gCorcaigh in 1919.

Bhí baint mhór aige le bunú na nÓglach i gCorcaigh um Nollaig 1913 agus ceapadh é ina thimire lánaimseartha acu in 1915.

Cogadh na Saoirse[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh ina Theachta Dála don Chéad Dáil é i gCorcaigh Thiar in olltoghchán 1918.

5 Lúnasa 1919

Roghnaíodh Mac Suibhne mar Ard-Mhéara Chorcaí ar an 27 Márta 2019, tar éis báis Thomáis Mhic Churtáin seacht lá roimhe sin (measadh gur mharaigh an RIC a réamhtheachtaí, Tomás Mac Curtáin, níos túisce sa bhliain).[6] D'éirigh sé ina cheannfort ar an gCéad Bhriogáid Chorcaí san IRA ag an am céanna.[7]

agóid sna Stáit Aontaithe, 1922

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Mac Suibhne faoi ghlas ar an 12 Lúnasa, 1920. Fuair sé bás i bPríosún Brixton, tar éis dó a bheith ar stailc ocrais ar feadh 74 lá. Tháinig clú air ar fud an domhain dá bharr.[8]

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig a bhás seachtain roimh bású Kevin Barry. Mar sin, tharraing an dá bhás aird ar chúis na bPoblachtánach.

Phós a iníon Máire Nic Shuibhne Ruairí Brugha, mac an Teachta Dála frith-chonartha Cathal Brugha, sa bhliain 1945.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Toirdhealbhach uaireanta
  2. Ed Power. "What Terence MacSwiney’s body went through during his 74-day hunger strike" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  3. "MAC SUIBHNE, Traolach (1879–1920)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  4. Le petit journal, Páras (1920). ""le martyr irlandais"". Dáta rochtana: 2020.
  5. "PressReader.com - Your favorite newspapers and magazines.". www.pressreader.com. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  6. Wed, 27 Mar, 2019 - 20:00 (2019-03-27). "Terence MacSwiney: The life and times of a Cork martyr" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2020-10-25.
  7. COBÁC (2016). "DEICH mBLIANA na gCUIMHNEACHÁN". Dáta rochtana: 2020.
  8. "Le Petit Journal" (en). Mindship. Dáta rochtana: 2020-10-25.