Énrí Ó Beóláin
Énrí Ó Beóláin | |||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
![]() | |||||||||
Nollaig 14, 1918 - Lúnasa 1, 1922 Dúiche: Ros Comáin Theas Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921 Dúiche: Ros Comáin Theas Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922 Dúiche: Maigh Eo Theas–Ros Comáin Theas Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
Meán Fómhair 9, 1922 - Lúnasa 9, 1923 Dúiche: Maigh Eo Theas–Ros Comáin Theas Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1922 | |||||||||
Saol | |||||||||
Eolas breithe | Baile Phib, 27 Aibreán 1887 | ||||||||
Náisiúntacht | Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Poblacht na hÉireann | ||||||||
Bás | Baile Átha Cliath, 1ú Lúnasa 1922 | ||||||||
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon | ||||||||
Oideachas | |||||||||
Alma mater | Scoil na mBráithre, Sráid Synge | ||||||||
Teangacha | an Béarla | ||||||||
Gairm | |||||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||||
Áit oibre | Londain | ||||||||
Ballraíocht | Bráithreachas na Poblachta | ||||||||
Cleamhnú | |||||||||
Reiligiúin | Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||||||
Páirtithe polaitíochta | Sinn Féin |
Polaiteoir Éireannach ab ea Énrí Ó Beóláin (leagan comhaimseartha Gaeilge; bheadh Annraoi Ó Beoláin níos cóngaraí do chaighdeán na teanga inniu), nó Harry Boland as Béarla. Rugadh an Beólánach sa bhliain 1887, agus d'éag sé sa bhliain 1922.
Bhí sé ina Theachta ar an Chéad Dáil agus ina chúntóir ag Mícheál Ó Coileáin. Níor ghlac an Beólánach leis an gConradh Angla-Éireannach, agus nuair a thosaigh Cogadh Cathartha na hÉireann, throid sé ar an taobh frith-Chonartha. Fuair sé bás i bpáirc an áir.
Ba pholaiteoir sinsearach de chuid Fhianna Fáil é a dheartháir Gearalt Ó Beóláin (1885-1973).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tháinig an Beólánach chun saoil i mBaile Átha Cliath, agus chuaigh sé i gCumann Lúthchleas Gael nuair a bhí sé óg. Sa deireadh, chuaigh sé i mBráithreachas na Poblachta agus in Óglaigh na hÉireann freisin.
Throid an Beólánach in Éirí Amach na Cásca. In olltoghcháin na bliana 1918, vótáladh isteach é mar fheisire do Ros Comáin Theas. Cosúil le Feisirí Shinn Féin go léir, níor bhac sé lena shuíochán i Londain. Ina áit sin, chuaigh sé sa Chéad Dáil. Cheap Eamon de Valera é mar theachtaire speisialta le dul go dtí na Stáit Aontaithe ag iarraidh aitheantais do Phoblacht na hÉireann agus ag cothú tacaíochta leis an bpoblacht nua i measc phobal Éireannach na Stát.
Le linn Chogadh na Saoirse, bhí an Beólánach agus Mícheál Ó Coileáin ag comhoibriú le chéile go dlúth. Nuair a shínigh an Coileánach an Conradh Angla-Éireannach, áfach, thréig a chara é, agus chuaigh sé leis na Poblachtánaigh.
Saighdiúirí de chuid Arm an tSaorstáit a mharaigh an Beólánach le linn Chogadh Cathartha na hÉireann. Tháinig siad air in Óstán Skerries Grand. Ghoin siad go héag é; shíothlaigh sé cúpla lá ina dhiaidh sin in Ospidéal Naomh Uinseann i mBaile Átha Cliath. Tá plaic cuimhneacháin le feiceáil san áit inar goineadh é, cé go bhfuil an t-óstán féin imithe le fada.
Sa scannán Michael Collins le Neil Jordan sa bhliain 1996, rinne an t-aisteoir Meiriceánach Aidan Quinn páirt Uí Bheóláin.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |