Éamonn Ó Dúgáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Éamon Ó Dúgáin)
Éamonn Ó Dúgáin
Eamonn Duggan.jpg
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe

Nollaig 14, 1918 - Deireadh Fómhair 26, 1922
Dúiche: South Meath (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 1918
Teachta Dála

Eanáir 21, 1919 - Bealtaine 10, 1921
Dúiche: South Meath (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1918
Teachta Dála

Lúnasa 16, 1921 - Meitheamh 8, 1922
Dúiche: Lú–An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1921
An tAire Dlí agus Cirt

Eanáir 10, 1922 - Meán Fómhair 9, 1922
Aibhistín de Staic - Caoimhín Ó hUiginn
Teachta Dála

Meán Fómhair 9, 1922 - Lúnasa 9, 1923
Dúiche: Lú–An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1922
Teachta Dála

Meán Fómhair 19, 1923 - Bealtaine 20, 1927
Dúiche: An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1923
Teachta Dála

Meitheamh 23, 1927 - Lúnasa 16, 1927
Dúiche: An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meitheamh 1927
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1927 - Nollaig 17, 1931
Dúiche: An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, Meán Fómhair 1927
Teachta Dála

Márta 9, 1932 - Nollaig 22, 1932
Dúiche: An Mhí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1932
Seanadóir na hÉireann

Aibreán 19, 1933 - Nollaig 6, 1934
Toghchán: fothoghchán
Seanadóir na hÉireann

Nollaig 6, 1934 - Bealtaine 19, 1936
Toghchán: Seanad Éireann 1934
Saol
Eolas breitheLog a' Choire, 2 Márta 1878
NáisiúntachtPoblacht na hÉireann
Saorstát Éireann
Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
BásDún Laoghaire, 9 Meitheamh 1936
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmpolaiteoir agus dlíodóir
Áit oibreLondain
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFine Gael

Polaiteoir, dlíodóir agus náisiúnaí Éireannach ab ea Éamonn Ó Dúgáin (1874 - 6 Meitheamh, 1936), nó Eamonn S. Duggan mar a ghlaoitear air as Béarla.[1] Bhí sé ina bhall den pháirtí Éireannach Sinn Féin agus Cumann na nGaedheal níos déanaí.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'as Contae na Mí é Ó Dúgáin.[2]

Throid an Dúgánach le linn Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916. Cuireadh faoi ghlas é, ach ligeadh saor é sa bhliain 1917 agus chuaigh sé díreach isteach san IRB.

Toghadh é ina Theachta Dála sa Chéad Dáil sa bhliain 1919.

Bhí an Dúgánach i measc na daoine a shínigh an Conradh Angla-Éireannach sa bhliain 1921.

halla an bhaile, Dún Laoghaire

Rinneadh Aire Gnóthaí Baile de i rialtas an tSaorstáit nua. Chaith sé tréimhse ina rúnaí don Aire Cosanta agus an Choiste Fheidhmiúcháin.

D'fhan Ó Dúgáin amach as an olltoghchán sa bhliain 1933, ach d'éirigh sé ina sheanadóir i Seanad Éireann. B'é Ó Dugain an Seanadóir deireanach a ghlac an mionn dílseachta don Rí sa bhliain 1933 agus é ag dul isteach san Oireachtas.[3]

Fuair an Dúgánach bás gan choinne le linn shlógadh Fhine Gael i halla an bhaile, Dún Laoghaire, Baile Átha Cliath sa bhliain 1936.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Eamonn S Duggan - Dún Laoghaire - LocalWiki". localwiki.org. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  2. "Navan Historical Society - Duggan, Eamon (Patriot & Politician)". www.navanhistory.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-26. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  3. Houses of the Oireachtas (1933-03-15). "Public Business. - Constitution (Removal of Oath) Bill, 1933—Second Stage. – Seanad Éireann (1931 Seanad) – Wednesday, 15 Mar 1933 – Houses of the Oireachtas" (en-ie). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2020-06-06.
  4. nationalarchives.ie. "Duggan, Éamonn John". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-04-24. Dáta rochtana: 2020.