Kevin O’Higgins
Polaiteoir as Contae Laoise ba ea Caoimhín Críostóir Ó hUiginn nó Kevin Christopher O'Higgins (7 Meitheamh 1892 - 10 Iúil 1927), agus Leas-Phríomhaire agus Aire Dlí agus Cirt Shaorstát Éireann nuair a feallmharaíodh é.
Spreagann ainm Kevin O’Higgins idir mholadh agus cháineadh. Bhí an-bhaint aige le bunú an tSaorstáit agus bhí sé sáite sa Chogadh Cathardha idir 1922/1923. Ar ndóigh, an eachtra is mó a thagann chun cuimhne nuair a luaitear a ainm ná an t-ordú a shínigh sé agus é ina Aire, príosúnaigh phoblachtánacha a chur chun báis. Ina measc bhí an cara a sheas leis ag a bhainis, Rory O’Connor. Dúnmharaíodh Kevin O’Higgins in 1927 agus é ar a bhealach chuig an Aifreann i mBaile an Bhóthair.[1]






Éirí Amach na Cásca
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí O'Higgins meáite ar throid a dhéanamh in Éirí Amach na Cásca ach nuair a shroich sé imeall Bhaile Átha Cliath, bhí na bóithre dúnta. Agus b'éigean dó filleadh abhaile (ní raibh sé in ann siúl timpeall is cosúil).
Cogadh na Saoirse agus Cogadh Cathartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an tUiginneach ina Aire Cúrsaí Inmheánacha sa chéad rialtas i ndiaidh bhunú Shaorstát Éireann. Throid sé i gCogadh na Saoirse.
I rith an Chogaidh Chathartha, mar Aire Dlí agus Cirt, bhí sé de dhualgas air Poblachtánaigh a chur chun báis.[2] Bhí Ruairí Ó Conchúir ar dhuine acu siúd a básaíodh ar a chuid orduithe, cé go raibh sé ina fhear coimhdeachta ag a bhainis. Shínigh O'Higgins an t-ordú chun Ó Conchúir a chur chun báis.
Níos déanaí, mharaigh an tIRA athair O'Higgins, an Dr Thomas O’Higgins, ag a theach cónaithe i gCo Laoise, mar dhíoltas ar an ordú sin.[1]
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feallmharaíodh an tUiginneach féin sa bhliain 1927, nuair a bhí sé ag dul chuig Aifreann. Ní bhfuarthas amach riamh cé a mharaigh é, ach glactar leis go coitianta gur Poblachtánaigh a bhí ann ag baint sásaimh as, mar dhíoltas ar son an Chogaidh Chathartha.
Bhí sé ar a shlí go dtí an tAifreann i mBaile an Bhóthair, BÁC. Léim triúr fear amach as carr agus scaoil siad leis ocht n-uaire. Gortaíodh O’Higgins go dona agus fuair sé bás cúpla uair a chloig ina dhiaidh sin. Bhí Eoin Mac Néill, iar-Aire Oideachais, ina chuideachta ag an am agus rith sé chun cabhair a thabhairt dó.
Bhí beirt Aire eile de chuid an tSaorstáit, na hAirí Hogan agus McGilligan, ag fanacht i dteach Uí Uigínn ar feadh an deireadh seachtaine. Chuaigh siad sin ar Aifreann níos luaithe an mhaidin chéanna mar go raibh siad ag dul ag imirt gailf níos déanaí i rith na maidine. Ceaptar go raibh sé ar intinn ag na dúnmharaithe níos mó ná duine amháin a mharú. Phioc na feallmharaithe crosbhóthar ar a thugtar “An Cúinne Dorcha” air mar go bhfuil an méid sin crann ag fás sa cheantar.
D’fhág Ó hUigín a theach timpeall a ceathrú chun a dó dhéag chun dul ar Aifreann. Bhí an séipéal suite thart ar cheathrú míle óna theach. Fad is a bhí sé ag siúl ar an mbóthar sin tharraing carr liath isteach in aice leis agus léim an triúr fear amach. Chonacthas an carr ina dhiaidh sin ag tiomáint go han-tapa ar bhóthar Dhomhnach Broc. Ba iad na focail dheireanacha a dúirt sé, a deirtear, sula bhfuair sé bás ná “Fuair mé bás ar son na tíre. Beidh mé i gcuideachta Mhichíl Uí Choileáin”.[3]
Tá an teach inar chónaigh sé gar don áit agus an teach féin ‘Dunamase’ ar cheann de na tithe deasa ársa atá ar an mbóthar, Ascaill na Croise.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh a bhean Úna O’Higgins O’Malley ar aghaidh sa saol mar dhuine a sheas le síocháin agus le hathmhuintearas. In imeacht cúpla bliain bhí a fear chéile, a hathair chéile agus leanbh óg caillte aici (fuair a mac Finbarr, bás le niúmóine agus gan é ach roinnt seachtainí d’aois). Bhí beirt iníonacha óga aici, Maeve agus Úna.
Bhí Úna O’Higgins O’Malley ar dhuine de chomhbhunaitheoirí Ionad Síochána Ghleann Crí agus bhí dlúthbhaint aici leis an gComhairle um Chearta Daonna na hÉireann blianta ina dhiaidh sin.[1]
Sa mbliain 2012, nocht an Taoiseach ag an am, Enda Kenny, leacht i gcuimhne ar Kevin O’Higgins ar an láthair ar feallmharaíodh é i mBaile an Bhóthair. Go gearr ina dhiaidh sin, milleadh le péint dhearg é. Cuireadh suas arís é. An babhta seo tugadh lascadh dó le casúr. Bhain an Chomhairle Contae anuas é. Níor cuireadh aon rud ina áit.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Mairéad Ní Nuadháin (29 Aibreán 2022). "Tá sé éasca leachtaí a mhilleadh ach ní féidir an stair a cheilt go brách" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-07-10.
- ↑ Físeán le British Pathé : aifreann éagnairce Hales agus portráid Higgins. "The Late Brigadier Sean Hales" (en-GB). www.britishpathe.com. Dáta rochtana: 2022-12-07.
- ↑ cogg.ie. "29 Saorstát Éireann". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-07-11. Dáta rochtana: 2024.
- Daoine a rugadh i 1892
- Básanna i 1927
- Airí Rialtais na hÉireann
- Alumni Choláiste Phádraig, Má Nuad
- Alumni COBÁC
- Baill Chumann na nGaedheal
- Baill den 1ú Dáil
- Baill den 2ú Dáil
- Baill den 3ú Dáil
- Baill den 4ú Dáil
- Baill den 5ú Dáil
- Baill Shinn Féin
- Daoine a cuireadh i Reilig Ghlas Naíon
- Daoine as Contae Laoise
- Daoine a feallmharaíodh
- Feisirí de Pharlaimint na Ríochta Aontaithe
- Alumni Choláiste Choill Chluana Gabhann