An Sráidbhaile (Laois)
Jump to navigation
Jump to search
Is baile é An Sráidbhaile (Béarla: Stradbally) i gContae Laoise, in Éirinn. Tá sé lonnaithe ar an mbóthar N80 thart ar 12 chiliméadar (7 míle) ó Phort Laoise. Tá Halla an tSráidbhaile, an teach mór, lonnaithe ar an mbaile. Is ann a bhíonn taispeántas bliantúil d'innill galoibrithe agus an fhéile cheoil sin an Phicnic Leictreach. Tá timpeall is 1,500 duine ina gcónaí ann.
Creideamh[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Séipéal Caitliceach an Chroí Rónaofa. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é agus críochnaíodh é sa bhliain 1896. Tá sé i bhfoirm croise agus deartha ag William Hague.
- Séipéal Naomh Pádraig, Eaglais na hÉireann. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é sa bhliain 1764 agus túr aige. Athchóiríodh é thart ar an mbliain 1880, agus cuireadh póirse, saingeal agus beistrí leis.
- Teampall Naomh Colmán, Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise lasmuigh den Rúis, Tá sé ar Bhóthar Mhainistir Laoise, thart ar mhíle lasmuigh den Stráidbhaile. Bíonn seirbhísí ann go seachtainiúil.
Daoine cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Caoimhín Ó hUiginn, ón Sráidbhaile ó dhúchas
- Cecil Day-Lewis, iar-Fhile an Stáit na Ríochta Aontaithe agus athair an aisteora Daniel Day-Lewis
![]() |
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |