Athbheochan Ghotach
Cuma
Cineál | stíl ailtireachta | |||
---|---|---|---|---|
Bunaithe ar | ailtireacht Ghotach | |||
Gluaiseacht chun an ailtireacht Ghotach a athbheochan go déanach sa 18ú céad is sa 19ú céad sa Bhreatain, Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin is Meiriceá Thuaidh. Bhain sí le scríbhinní John Ruskin is Pugin agus na cuimhní a dhúisigh siad ar chúinsí sóisialta is spioradálta na Meánaoise. Measadh go raibh an stíl sin oiriúnach go príomha d'eaglaisí — cosúil le St Denys-de-l'Estrée (1864-1867) de chuid an ailtire Viollet-le-Duc, agus Ardeaglais Phádraig i gCathair Nua-Eabhrac — ach cuireadh i bhfeidhm í i raon leathan foirgneamh: stáisiúin traenach, óstáin, hallaí baile, foirgnimh cuimhneacháin is tithe parlaiminte i Londain, Búdaipeist is Ottawa.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Athbheochan Ghotach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 53.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |