Ailtireacht Ghotach
Cineál | stíl ailtireachta |
---|---|
Early Gothic architecture (en) | |
High Gothic (en) | |
late Gothic (en) | |
Rayonnant (en) | |
Craobhlasrach | |
Isabelline (en) | |
an Fhrainc ailtireacht Ghotach Fhrancach | |
Sasana Stíl nua-Shasanach | |
an Impireacht Naofa Rómhánach, ailtireacht German Gothic (en) | |
an Spáinn ailtireacht Ghotach na Spáinne | |
an Iodáil ailtireacht Ghotach na hIodáile | |
An Veinéis Venetian Gothic architecture (en) | |
Brick Gothic (en) | |
an Eoraip Láir Gothic architecture in Central Europe (en) | |
an Pholainn Gothic architecture in Poland (en) | |
Poblacht na Seice Czech Gothic architecture (en) | |
Brabantine Gothic (en) | |
an Phortaingéil Portuguese Gothic architecture (en) | |
an Rómáin Gothic architecture in Romania (en) | |
an Liotuáin Gothic architecture in Lithuania (en) | |
Leanann sé/sí | Ailtireacht Rómhánúil |
Á leanúint ag | Ailtireacht na hAthbheochana |
An fhoirm ailtireachta, reiligiúnda de ghnáth, a bhí forleathan in iarthar na hEorpa ón 12ú céad go dtí déanach sa 15ú céad. Bhíodh airíonna sainiúla aici, ina measc an áirse bhiorach, an boghta iomaireach, an taca crochta, taobhanna maorga istigh, agus fairsinge uasmhéideach fuinneog le gloine dhaite shofaisticiúil. Saothraíodh cuid mhaith stíleanna éagsúla. Tháinig ailtireacht Ghotach chun cinn sa Fhrainc i lár an 12ú céad. Shroich sí Éire go luath sa 13ú céad. Is í an áirse rinneach sainchomhartha na hailtireachta Gotaí (ba í an áirse chruinn sainchomhartha na hailtireachta Rómhánúla). Mar a luadh thuas, ba í an aolchloch rogha na dtógálaithe Gotacha, cé go raibh sé níos deacra í a shnoí ná gaineamhchloch. Is iad an dá Ardeaglais i mBaile Átha Cliath, Ardeaglais Chríost agus Ardeaglais Phádraig, an dá shampla tógála is fearr ón 13ú céad. Is sampla maith eile í an Ardeaglais ar Charraig Phádraig i gCo. Thiobraid Árann.
Bhí stíl níos simplí den ailtireacht Ghotach in úsáid go forleathan ar fud na hÉireann sa 15ú agus 16ú céad. Is í an áirse chíme sainchomhartha na stíle seo; d’úsáidtí an áirse chíme i gcinn fhuinneoige den chuid is mó. rith an 15ú agus 16ú céad, tógadh líon mór eaglaisí paróiste ar fud na tíre. Tá leagan amach simplí orthu: cruth dronuilleogach, agus corp agus saingeal na heaglaise san áireamh, nó saingeal a bhí níos faide agus níos caoile ag an gceann thoir. B’annamh croslann ná pasáiste a bheith san eaglais. Tá an doras isteach gar do cheann thiar an bhalla theas. Ba mhinic go raibh lochta don sagart ag an gceann thiar - is féidir é a aithint ón bhfuinneog ard sa bhinn thiar agus ó na coirbéil chloiche a thugann tacaíocht do na maidí urláir sna taobh-bhallaí. Roinneadh an chuid istigh idir corp, ag an gceann thiar don phobal, agus saingeal ag an gceann thoir, ina raibh an altóir. Bhíodh scáthlán adhmaid mar dheighilt idir an corp agus an saingeal. Bhíodh an fhuinneog ba mhó i lár an bhalla thoir, os cionn na haltóra.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht Ghotach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |